Scaireanna d'fhostaithe

Clár Rannpháirtíochta Príomhfhostaithe (CRPF)

Is scéim scair-roghanna cáinéifeachtúil é an CRPF atá ar fáil d’fhiontair Bheaga agus mheánmhéide (SMEs). Ní theastaíonn cead na gCoimisinéirí chun roghanna CRPF a thairiscint do d’fhostaithe.

Faoi réir coinníollacha áirithe a shásamh, tá aon ghnóthachan a réadaíonn d’fhostaithe ar fheidhmiú rogha CPRF díolmhaithe díolmhaithe ó Cháin Ioncaim, ón Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus ó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Na príomhghnéithe

Chun cáiliú don chóireáil chánach thairbhiúil, tá roinnt coinníollacha is gá a chomhlíonadh i ndáil le:

  • fostaí
  • comhlacht
  • agus
  • scair-roghanna.

Tá CRPF ar fáil le haghaidh scair-roghanna cáilithe a deonaíodh idir 01 Eanáir 2018 agus 31 Nollaig 2025. Ní féidir na roghanna a bheith infheidhmithe laistigh de 12 mhí nó níos mó ná deich mbliana tar éis dháta an deonaithe.

Níor chóir go mbeadh an phraghas chéadrogha faoi bhún luach margaidh an aicme chéanna scaireanna ar dháta an deonaithe.

Ní mór do na scaireanna a fhéadtar a fháil trí fheidhmiú na scair-roghanna a bheith ina ngnáthscaireanna íoctha go hiomlán i gcomhlacht cháilitheach.

Tabhair do d'aire

Treoir bhreise ar CRPF agus cén chaoi a fheidhmeoidh an scéim ar fáil i Key Employee Engagement Programme (KEEP).

Riachtanas tuairiscithe

Tá sé de dhualgas ort KEEP1 Return a thíolacadh leis na Coimisinéirí Ioncaim d’aon bhliain:

  • a dheonaíonn tú scair-rogha CRPF d’fhostaí
  • a ndéantar rogha CRPF a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh.

Féadfaidh an grúpa cáilitheach seo gnó cáilitheach a ainmniú laistigh den ghrúpa chun an tuairisceán a thíolacadh thar ceann an ghrúpa.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Dualgais tuairiscithe scaireanna.

De réir mar a thagann CRPF faoi fhorálacha Stáitchabhair, d’fhéadfadh go mbeadh riachtanais bhreise tuairiscithe agus foilsithe ann.

Ar aghaidh: Scéimeanna Brabús-Roinnte Ceadaithe agus Iontaobhais Scairúinéireachta d'Fhostaithe