Scaireanna d'fhostaithe

Scaireanna shrianta

Is bealach éifeachtach ó thaobh cánach é scairscéim srianta chun scaireanna a bhronnadh ar d’fhostaithe. Uaireanta tugtar ‘scéimeanna clog’ ar scairscéimeanna srianta. Ní theastaíonn cead na gCoimisinéirí Ioncaim uait chun scairscéim srianta a oibriú.

Is éard is scaireanna srianta ann ná scaireanna a fhaigheann d’fhosaithe i gcás go bhfuil srian ar dhiúscairt na scaireanna sin. Áirítear leis seo scaireanna a fuarthas ar fheidhmiú scair-rogha.

Ní mór duit iontaobhas a bhunú chun sochar d’fhostaí. De rogha ar sin, féadfaidh tú socrú eile a úsáid atá cosúil le hiontabhas nach mór a bheith faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní mór na scaireanna a bheith i seilbh san iontaobhas (nó sa socrú eile) ar feadh tréimhse sonraithe bliana ar laghad. Le linn na tréimhse seo tá cosc ar an mhéid seo a leanas:

  • na scaireanna a shannadh
  • na scaireanna a aistriú
  • na scaireanna a ghealladh mar urrús ar iasacht
  • na scaireanna a dhíol.

Ní mór téarmaí an tsriain a bheith leagtha amach i gcomhaontú i scríbhinn leis an bhfostaí.

Scaireanna a dhiúscairt

Ní fhéadtar na scaireanna a dhiúscairt seachas i gcúinsí an-teoranta. Mar shampla, ar bhás an fhostaí nó in atheagruithe cuideachta áirithe.

Cánachas

Is é an tsuim inmhuirir i leith cánach ná an difríocht idir an méid seo:

  • luach margaidh na scaireanna ar dháta an bhronnta
  • agus
  • an praghas (más ann) íoctha ag an bhfostaí.

Chun cuntas a thabhairt ar an srian a chuirtear ar an bhfostaí nó an stiúrthóir ó na scaireanna a dhiúscairt, laghdaítear an tsuim inmhuirir i leith cánach. Tá an laghdú idir 10% agus 60% ag brath ar thréimhse an tsriain.

Méid an laghadaithe

Líon na mblianta srianta

Méid an laghaidhe

1

10%

2

20%

3

30%

4

40%

5

50%

Níos mó ná 5 bliain

60%

Féadtar na srianta a athrú nó a ardú roimh dheireadh na tréimhse srianta comhaontaithe. Má tharlaíonn sé seo, beidh ort an dliteanas cánach a athríomh. Ní mór an coigeartú an tréimhse iarbhír a bhfuil an srian i bhfeidhm a chur san áireamh. Le héifeacht ó mhí Feabhra 2022, iarrfar ort cuntas a thabhairt ar an gcáin bhreise atá dlite ag d'fhostaí.

Riachtanas tuairiscithe

Ní mór duit sonraí na scaireanna shrianta a fuarthas a thuairisciú ar an Fhoirm DSF.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Dualgais tuairiscithe scaireanna.

Ar aghaidh: Plean Ceannaithe Scaireanna d'Fhostaithe agus dámhachtainí scairbhunaithe airgeadsocraithe