Scaireanna d'fhostaithe

Scéimeanna Sábháil Mar a Thuillir (SMAT)

Is scair-rogha atá éifeachtach ó thaobh cánach de é SMAT. Tá cead ó na Coimisinéirí Ioncaim ag teastáil chun an scéim a fheidhmiú.

Tá dhá ghné ag baint le scéim:

  • scéim dheimhnithe coigilteas conarthach sábháil mar a thuillir
  • scéim scair-rogha cheadaithe bunaithe ar choigilteas.

Féadfaidh tú roghanna maidir le scaireanna i do chuideachta a dheonú ar d’fhostaithe. Ní mór gur gnáthscaireanna iad na scaireanna.

Ar leithligh, beidh conradh coigiltis fhoirmiúla ag d’fhostaithe le hinstitiúid airgeadais triú páirtí ar feadh tréimhse socraithe. Féadann tréimhse choigiltis a bheith tréimhse trí, cúig nó seacht mbliana ar fhad. Ag deireadh na tréimhse coigiltis, féadann na rannpháirtithe a rogha féin a fheidhmiú chun scaireanna a fháil. Íoctar na scaireanna ceannaithe amach as fáltais na scéime dheimhnithe coigilteas conarthach SMAT.

Ní mór do d’fhostaithe uile a shásaíonn na coinníollacha cáilitheach a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh ar théarmaí comhchosúla.

Tabhair do d'aire

Leagtar amach sa treoirleabhar Chapter 12 – Save As You Earn Schemes (SAYE) na sonraí faoin gcaoi a n-oibríonn an scéim agus na riachtanais le haghaidh ceadú.


Cánachas

Faoi réir coinníollacha áirithe, beidh d’fhostaí díolmhaithe ó mhuirear Cánach Ioncaim ar aon gnóthachain ag thagann aníos mar thoradh ar na roghanna a fheidhmiú. Beidh d’fhostaí fós faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa Fostóra (ÁSPC). Ní mór duit an MSU agus ÁSPC Fostaí a bhailiú faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT). Ní bhaineann ÁSPC Fostóra le luach saothair scairbhunaithe.

Féadfaidh tú asbhaint i leith Cánach Corparáide a éileamh ar an gcostas a bhaineann leis an scéim a bhunú.

Riachtanais tuairiscithe

Ní mór duit Foirm SRSO1 a thíolacadh maidir le haon bhliain, fiú mura mbíonn aon ghníomhaíocht scéime.

Féadfar ceadú na gCoimisinéirí Ioncaim ar scéim a tharraingt siar má loictear cloí leis na dualgais tuairiscithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Dualgais tuairiscithe scaireanna.