Bronntanas a fháil nó earraí a iompórtáil ar luach nach mó ná 150 euro

Léargas ginearálta

Féadfaidh sé nach mbeidh ort Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc má:

  • fhaigheann tú bronntanas ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE)
  • iompórtálann tú earraí ar luach íseal ó thaobh amuigh den AE.

Tá an faoiseamh seo faoi réir rialacha agus tairseacha áirithe.

Tá faoisimh ar leithligh ar fáil do thaistealaithe ar mian leo earraí a iompórtáil leo nuair a fhilleann siad anall ón gcoigríoch. Tá sonraí uile na bhfaoiseamh seo leagtha amach san eolas do thaistealaithe ag taisteal ó lasmuigh den AE.

Má tá Dleacht Custam nó Dleacht Mháil infheidhme, baileofar i gcónaí í.

Ar aghaidh: Rialacha maidir le faoiseamh ó dhleacht ar choinsíneachtaí ar luach íseal