Achomhairc CCF

Próiseas achomhairc CCF

Ba chóir d’achomharc agus doiciméid tacaíochta a thíolacadh chuig an bhFoireann Achomharc trí M’Fhiosruithe, nuair is féidir. 

Déan d’achomharc i scríbhinn, tabhair d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó d’Uimhir Chánach agus leag amach na fíricí atá i gceist.

Admhóidh Oifigeach Achomharc d’achomharc. Tá an tOifigeach seo ainmnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin agus ní raibh aon bhaint ag an oifigeach leis an gcás roimhe seo.

Le haghaidh na hachomhairc a bhaineann le:

  • suim na Cánach Cláraithe Feithiclí gearrtha ag na Coimisinéirí Ioncaim
  • clárúchán na feithicle
  • iontráil leasaithe sa chlár (lena n-áirítear aicmiúcháin taifeadta d’fheithicil)
  • Praghas Díola ar an Margadh Oscailte (PDMO) arna chinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim a thagann in ionad an PDMO a chinn an dáileoir mótair.

Is é an áit in M’Fhiosruithe chun d’achomharc agus na doiciméid tacaíochta a bhaineann leis sin a thíolacadh ná:

  • Faoin rogha ‘Baineann m’fhiosrú le’ ba chóir don chustaiméir
    ‘Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF)’ a roghnú.
  • Faoin rogha ‘Agus níos beaichte’ ba chóir don chustaiméir
    ‘Achomhairc CCF’ a roghnú.

Mura bhfuil teacht agat ar achmhainní ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim, seol d’iarratas in imchlúdach SAORPHOST chuig:

An tSeirbhís Náisiúnta CCF
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Sráid Áine
Co. Loch Garman
Y35 E29K.

An uimhir fóin le haghaidh na hoifige seo ná

01-7383619

 Tabhair do d’aire, maidir le achomhairc a bhaineann leis an méid seo a leanas:

  • údarú CCF a dheonú, a dhiúltú nó a chúlghairm.
  • na socruithe maidir le híocaíocht do dhuine údaraithe CCF

ba chóir iad a sheoladh chuig d'oifigeach CCF trí M’Fhiosruithe.

Mura n-aontaíonn tú le cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le d’achomharc chuig an tSeirbhís Náisiúnta CCF, féadtar é a achomharc chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach (TAC). Féadtar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach tríd an ríomhphost ag info@taxappealsireland.ie nó trí ghlaoch a chur ar 01 6624530.