Scéim Aisíocaíochta Easpórtála

Próiseas easpórtála

Ní mór do d'fheithicil a bheith tugtha i láthair ag an ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC) le haghaidh scrúdaithe sula n-easpórtálann tú é. Ní mór an fheithicil a easpórtáil ansin taobh istigh de 30 lá.

Doiciméid nach mór duit a thabhairt leat

Ag tráth an scrúdaithe SNTC, ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith agat:

Astaíochtaí CO2

Tá an aisíocaíocht dhlite bunaithe ar astaíochtaí CO2 na feithicle ag an tráth a rinneadh í.

Ní mór fianaise i dtaca leis an leibhéal ceart CO2 a thabhairt i láthair an SNTC ag tráth an scrúdaithe. Tabhair do d'aire nach bhféadtar an figiúr seo a leasú tar éis an scrúdú a bheith críochnaithe.

Sa chás nach bhfuil aon fhigiúr CO2 ar an DCF, ní mór duit sonraí na n-astaíochtaí CO2 a thabhairt. Féadtar na sonraí CO2 a fháil ó Dheimhniú Comhréireachta (CoC) nó litir bhunaidh ón déantóir. Mura bhfuil figiúr CO2 ar fáil, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim an ráta aisíocaíochta is ísle i bhfeidhm.

Feithicil a thabhairt i láthair ag tríú páirtí

Féadann tríú páirtí d'fheithicil a thabhairt chuig an SNTC fad is atá litir um údarú acu ón úinéir. Tá sé seo sa bhreis ar na doiciméid sa liosta thuas.

Déileálaí mótar

Más déileálaí mótar thú, ní mór duit freisin an sonrasc ceannaigh bunaidh a sholáthar, rud a chóipeálfar agus a thabharfar ar ais duit.

Cinntigh freisin gur uasdátaíodh an Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe (CNFT) le do shonraí sula ndéantar an scrúdú.

Ag an ionad SNTC

Féadtar coinne a dhéanamh le haghaidh Scrúdú Easpórtála CCF leis an SNTC thar an bhfón nó trí áirithint a dhéanamh ar líne. Féadtar teacht ar na sonraí uile, lena n-áirítear eolas i dtaca le cur in áirithint, ar shuíomh idirlín an SNTC.

Eiseoidh an SNTC:

  • Dearbhú um Scrúdú Easpórtála Feithicle
  • agus
  • admháil i dtaca le Scrúdú Easpórtála Feithicle ar a léirítear an tsuim CCF inaisíoctha nuair atá an scrúdú easpórtála críochnaithe.

Ní mór don duine atá ag tabhairt na feithicle i láthair le haghaidh scrúdaithe an Dearbhú um Scrúdú Easpórtála Feithicle a shíniú. Nuair a bheidh an scrúdú críochnaithe, ní fhéadtar sonraí na feithicle a leasú.

Ba chóir duit am a thógáil le seiceáil go bhfuil na sonraí ar an dá fhoirm seo i gceart.

Ní mór an UAF (Uimhir Aitheantais Feithicle) ar an bhfeithicil agus an DCF teacht lena chéile nó teipfidh ar an bhfeithicil ag an scrúdú. Má tharlaíonn sé seo, déan teagmháil leis an An tSeirbhís Náisiúnta CCF trí M’Fhiosruithe le haghaidh tuilleadh eolais.

Ar aghaidh: Éileamh á dhéanamh