Íocaíocht chomhréireach CCF ar fheithiclí léasaithe

Nós imeachta um easpórtáil

I gcás feithicil:

  • atá beartaithe le heaspórtáil ag an gcustaiméir nuair a thagann deireadh leis an léas
  • a scoirtear an comhaontú léasa ina leith go luath

ba chóir an fheithicil a chur ar fáil ag ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna SNTC le hé a phróiseáil faoin Scéim Aisíocaíochta Easpórtála. Deimhníodh na Coimisinéirí Ioncaim ansin an Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF) cheart atá dlite don fheithicil sin thar thréimhse an léasa.

Sa chás go bhfuil sé dlite, eiseofar aisíocaíocht d’aon CCF ró-íoctha leis an duine a chláraigh an fheithicil. Beidh ar an duine seo aon CCF breise a d’fhéadfadh teacht chun cinn a íoc.

Féadtar fiosruithe maidir le haisíocaíochtaí léasa a dhéanamh ach glaoch ar na huimhreacha seo a leanas:

  • 01 8589150
  • 01 8589151
  • 01 8589186.