Na himpleachtaí ó thaobh cánach ioncaim do thiarnaí talún le morgáistí Ceannach le Ligean ar Cíos a fuair íocaíochtaí sásaimh um morgáiste rianúcháin ó bhainc

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann doiciméad i mí na Nollag 2015.

Sa doiciméad seo, Principles for Lenders when Tracker Mortgage Related Issues Identified for Redress, sonraítear an méid seo a leanas (aistriúchán de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim is ea an méid thíos: 

“Aon dliteanas cánach a thabhaíonn custaiméirí atá buailte aige seo, ar dliteanas cánach é a thabhaítear mar thoradh ar an ábhar i gceist nó i ndáil le haon sásamh, cúiteamh nó íocaíocht eile a dhéanann an t-iasachtóir atá buailte, mar thoradh ar an ábhar i gceist, is é an t-iasachtóir a ghlanfaidh an dliteanas cánach. Ní mór don iasachtóir a bheith i dteagmháil dhíreach leis na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil leis seo.” (Alt 1.3.4., Aguisín B d’Aguisín 3 ar leathanach 8). 

Mar gheall go bhfuil ar iasachtóirí a bheith i dteagmháil dhíreach a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim, ní gá do cháiníocóirí lena mbaineann sé aon ghníomh a dhéanamh. Níl sé riachtanach tuairisceáin leasaithe a thíolacadh do na blianta suas go 2016 i ndáil leis an ábhar seo. Ní sé riachtanach cuntas a thabhairt ar na híocaíochtaí seo i ríomhanna cíosa le haghaidh tuairisceáin chánach 2017.