Clárúchán CBL intíre agus clárúchán CBL san AE a scaradh

Tá córas dhá leibhéal clárúcháin CBL á fhorbairt ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi láthair trína bhféadtar iarratas a dhéanamh ar chlárúchán ‘intíre amháin’ nó clárúchán ‘taobh istigh den AE’. Ní bhainfidh an t-athrú seo ach amháin le daoine a dhéanann iarratas ar chlárúchán CBL tar éis an 17 Meitheamh 2019. 

Baineann clárúchán ‘Intíre amháin’ le hearraí agus seirbhísí a sholáthraítear agus a fhaightear sa Stát. Le clárúchán CBL taobh istigh den AE, éascófar fáltais taobh istigh den chomhphobal ó gach Ballstát de chuid an AE, Éire san áireamh, agus tuairisciú ar sholáthairtí taobh istigh den chomhphobal chuig gach Ballstát de chuid an AE, Éire san áireamh. 

Beidh próiseas simplithe clárúcháin ar fáil d’iarratasóirí intíre amháin (gnóthaí nach bhfuil trádáil taobh istigh den AE ar bun acu). Má chláraíonn tú chun críocha intíre amháin, agus más mian leat ina dhiaidh sin trádáil a dhéanamh taobh istigh den AE, féadtar ansin iarratas le haghaidh clárúchán taobh istigh den AE a thíolacadh. 

Tá córais inmheánacha á nuashonrú faoi láthair ag na Coimisinéirí Ioncaim chun an próiseas nua clárúcháin a éascú. Beidh na scáileáin nua ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) le feiceáil tar éis 15 Meitheamh 2019. Ba chóir go mbeadh an fheidhmiúlacht iomlán, lena n-áirítear iarratais intíre amháin, ar fáil ó lár mhí Mheán Fómhair 2019 ar aghaidh. 

Tabhair do d’aire an méid seo a leanas: 

  • Meastar go bhfuil gach custaiméir atá cláraithe le haghaidh CBL cláraithe le haghaidh CBL taobh istigh den AE. Ní gá do na custaiméirí seo teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir lena gclárú.
  • Sa chás go gceadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim clárúchán taobh istigh den AE, clúdaíonn an clárúchán gníomhaíocht intíre chomh maith. I gcás soláthraithe taobh istigh den AE, beidh an cáiníocóir cláraithe go huathoibríoch le haghaidh dualgais tuairiscithe VIES.
  • Ó Mheán Fómhair 2019 ar aghaidh, táthar ag súil go gceadófar formhór na n-iarratas ‘intíre amháin’ gan mhoill. Féadfaidh sé go ndéanfar breithmheasanna ar iarratais áirithe.
  • Déanfar seiceáil réamhchlárúcháin ar na cásanna ar fad ina lorgaítear clárúchán taobh istigh den AE, ar bhealach cosúil leis an tseiceáil a dhéantar faoi láthair.