Do sheoladh ríomhphoist a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim

Úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim do sheoladh ríomhphoist chun meabhrúcháin agus fógraí a sheoladh chugat.

Féadtar do sheoladh ríomhphoist a úsáid chun do shonraí logála isteach a athshocrú agus chun teagmháil a dhéanamh linn trí M’Fhiosruithe.

Má d’athraigh tú do sheoladh ríomhphoist, féadtar ár dtreoir a leanúint chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh ár seirbhísí ar líne.  Má tá sonraí logála isteach agat le haghaidh moChúrsaí agus sonraí logála isteach le haghaidh deimhniú ROS, beidh ort dhá uasdátú ar leithligh a dhéanamh.

Molaimid go ndéanann custaiméirí gnó athbreithniú ar na ceisteanna slándála ROS ar an gcluaisín Próifíl.  Cinnteoidh sé seo go mbeidh tú in ann do logáil isteach ROS a athshocrú más gá.