Used vehicles purchased in the United Kingdom

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag meabhrú do chustaiméirí gur riachtanas éigeantach é deimhniú V5 nuair a bhíonn feithicil athláimhe á hiompórtáil ón Ríocht Aontaithe. Is doiciméad clárúcháin feithicle eisithe ag an Driver Vehicle Licencing (DVLA) [Gníomhaireacht Ceadúnaithe Thiománaithe agus Feithiclí] é an deimhniú V5.

Má loictear deimhniú V5 a chur ar fáil, diúltófar an fheithicil a athchlárú. Glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, áfach, le Deimhniú Easpórtála Buaine má tá siad ar fáil.

Nuair a cheannaítear feithicil sa Ríocht Aontaithe, cinntigh go dtugann an díoltóir cuid 1-8 den deimhniú V5 duit. Is iad seo na codanna atá ag teastáil chun athchlárú sa Stát. D’eisigh an DLVA sa Ríocht Aontaithe treoracha dá dhéileálaithe maidir leis seo.

Ní mór aon deacrachtaí a bhaineann le deimhniú V5 nó fadhbanna le hé a fháil a chur go díreach chuig an DVLA.

Tá tuilleadh eolais ar chlárúchán ar fáil sa Treoir maidir leis an gCáin Cláraithe Feithiclí.