Cáin Cláraithe Feithiclí – Astaíochtaí Ocsaíde Nítrigine

Beidh astaíochtaí Ocsaíde Nítrigine (NOx) ina gcomhchuid den CCF in
éineacht le muirear na comhchoda Carbóin Dé-Ocsaíde ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh.  

Beidh sé seo i gceist le gach feithicil i gCatagóir A, hibrideacha san áireamh ach gan feithiclí leictreacha.

Tugtar d’aire custaiméirí nach bhfolaíonn an tÁireamhán CCF an muirear NOx ina chuid meastachán faoi láthair.

Tá tuilleadh eolais ar an muirear NOx ar fáil sa rannán Treoir maidir leis an gCáin Cláraithe Feithiclí ar an suíomh idirlín.