Párolla ROS d'Fhostóirí

Tuairisciú díreach le bogearraí párolla

Tá feidhm ag an rogha seo más rud é go bhfuil cumarsáid dhíreach idir do phacáiste párolla le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Is éard a dhéantar ná go n-iarrann tú Fógraí Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (fógraí FPCI) agus go dtíolacann tú na sonraí párolla leis na feidhmeanna i do phacáiste párolla.

Deimhniú digiteach

Chun an rogha seo a úsáid, ní mór deimhniú digiteach ROS a bheith agat le haghaidh do phacáiste párolla. Ní mór an deimhniú seo a choinneáil cothrom le dáta ach é a athnuachan nuair a iarrtar é.

Ba chóir treoracha a bheith agat ó do sholáthraí párolla ar an gcaoi leis an deimhniú fo-úsáideora a úsáid i do phacáiste párolla.

Chun ceisteanna coitianta a fheiceáil, déan tagairt le Deacrachtaí le deimhnithe ROS a úsáid le párolla.

Fógraí FPCI

Ba chóir treoracha a bheith agat ó do sholáthraí párolla ar an gcaoi le fógraí FPCI a iarraidh agus iad a thabhairt cothrom le dáta i do phacáiste párolla.

Párolla a thíolacadh

Ba chóir treoracha a bheith agat ó do sholáthraí párolla ar an gcaoi le sonraí párolla a thíolacadh le do phacáiste párolla.

Ar aghaidh: Do phárolla a chur isteach de láimh ar ROS