Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú

Léargas ginearálta

Nuair atá maoin á díol, á ceannach nó á haistriú, tá dualgais áirithe ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir araon. Ní mór go bhfuil imréiteach Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ) i bhfeidhm roimh: 

  • chríochnú an díola
  • aistriú na maoine.

Mar dhíoltóir, ní mór duitse a chinntiú go bhfuil gach oibleagáid CMÁ comhlíonta agat sula gcríochnaítear an díolachán. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh gach íocaíocht CMÁ a bheith cothrom le dáta agus ní mór duit do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Más tusa an duine dliteanach i dtaca le maoin ar an dáta dlite, an 01 Samhain, tá tú dliteanach an CMÁ a íoc don bhliain ina dhiaidh.

Ar aghaidh: Tá maoin á díol agat