Do Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ) a íoc

An bhféadtar an CMÁ a íoc le cárta creidmheasa nó dochair?

Féadtar roghnú dliteanas an CMÁ a íoc ina iomláine le cárta dochair nó cárta creidmheasa. Féadtar cárta dochair nó cárta creidmheasa Éireannach a úsáid nó cárta dochair nó cárta creidmheasa eachtrach a úsáid. Tógfar an íocaíocht ó do chuntas ar an dáta a dhéanann tú an t-idirbheart ar líne. Féadfaidh sé go mbeidh 72 uair a chloig caite go mbeidh an íocaíocht le feiceáil ar do chuntas CMÁ ar líne.

Níl aon táillí breise idirbhirt ann má íocann tú do CMÁ le cárta dochair  nó le cárta creidmheasa.

Baineann an táille seo le táillí tríú páirtí a thabhaíonn na Coimisinéirí Ioncaim agus an tseirbhís á soláthar. Taispeántar go soiléir ar an gcóras tíolactha ar líne an méid atá le gearradh.

Féadtar ceann díobh seo a leanas a úsáid:

  • Cárta creidmheasa nó cárta dochair MasterCard
  • Cárta creidmheasa nó cárta dochair VISA.

Féadfaidh tú logáil isteach ar CMÁ ar Líne chun do CMÁ a íoc le cárta dochair nó cárta creidmheasa.

Ar aghaidh: An bhféadtar an CMÁ a íoc trí sholáthraithe ceadaithe seirbhísí íocaíochta