Do Mhuirear Cánach Maoine Áitiúla a íoc

Do CMÁ a íoc i dtráthíocaíochtaí

Más mian leat d’íocaíochtaí Cánach Mhaoine Áitiúla (CMÁ) a roinnt thar an mbliain, féadfaidh tú roghnú ceann de na roghanna seo:

  • dochar díreach míosúil
  • asbhaint ag an bhfoinse ó:
    • do thuarastal, pá nó pinsin cheirde
    • d'íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí
    • d'íocaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
  • íocaíochtaí airgid tirim ar bhonn seachtaine nó míosa trí Sholáthraí Seirbhíse Íocaíochta (PSP). I measc na soláthraithe lena nglactar tá An Post, Omnivend agus Payyone.

Do mhuirear CMÁ a íoc trí dhochar díreach míosúil

Féadfaidh tú dochar díreach míosúil a shocrú suas tríd an tairseach CMÁ. Seo a leanas na nithe a bheidh de dhíth:

  • ainm agus seoladh do bhainc nó d’institiúide airgeadais a bhfuil do chuntas á choinneáil ann
  • ainm an chuntais bainc óna ndéanfar an íocaíocht
  • Uimhir Phearsanta Seirbhísí Poiblí (UPSP) nó Uimhir Tagartha Cánach an duine atá ag déanamh na híocaíochta CMÁ
  • agus
  • IBAN an chuntais óna bhfuil íocaíocht á déanamh.

Bainfear d’íocaíocht CMÁ gach mí ón gcuntas a sholáthraíonn tú ón 15 Eanáir go dtí an 15 Nollaig . Tabharfar do dhochar díreach míosúil do CMÁ ar aghaidh gach bliain mura n-athraíonn tú do mhodh íocaíochta ar líne nó má dhéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Do mhuirear CMÁ a íoc trí PSP ceadaithe

Féadfaidh tú an CMÁ a íoc in airgead tirim, nó ar chárta dochair nó creidmheasa, ag PSP ceadaithe. I measc na PSP lena nglactar tá An Post, Omnivend agus Payzone. 

Déan é seo a shocrú ar líne trí moChúrsaí, Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó an tairseach CMÁ.

Féadtar d’íocaíochtaí a dhéanamh le linn na bliana Eanáir go Nollaig ar bhonn seachtainiúil nó míosúil.

Tabhair do d'aire

Ní fhéadtar an modh íocaíochta seo a úsáid má tá níos mó ná maoin chónaithe amháin agat.

Gearrfaidh gach ceann de na trí PSP ceadaithe táille idirbhirt mar seo a leanas:

  • An Post – gearrtar táille seirbhíse TaxPay €1 ar gach idirbheart
  • Omnivend – 4% de mhéid an idirbhirt
  • Payzone:
    • 75 cent in haghaidh an idirbhirt do gach suim idirbhirt suas le €50
    • €1 in aghaidh an idirbhirt do suimeanna idirbhirt ó €50.01 go €100
    • agus
    • €2 an t idirbheart do shuimeanna idirbhirt os cionn €100.

Chun íocaíocht a dhéanamh trí aon cheann de na PSP seo, beidh ceann amháin den mhéid seo a leanas ag teastáil:

  • Aitheantas na Maoine le haghaidh na maoine
  • UPSP den duine dliteanach le haghaidh CMÁ.

Ba chóir duit gach admháil a chuireann an PSP a choinneáil.

Do mhodh íocaíochta le haghaidh tráthíocaíochtaí a athrú tar éis Eanáir

Féadfaidh tú an modh íocaíochta a athrú ag pointe ar bith le linn na bliana ach iarratas a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Le haghaidh eolais ar cén áit le d’iarratas a sheoladh, féach an rannán déan teagmháil linn

Ar aghaidh: Do CMÁ a íoc i dtráthíocaíochtaí trí asbhaint ag an bhfoinse