Dleacht Stampa agus Maoin

Maoin úsáide mheasctha

Maoin úsáide measctha is ea maoin a bhfuil cuid chónaithe agus cuid neamhchónaithe ann, mar shampla siopa a bhfuil árasán thuas staighre uaidh.

Sampla eile de mhaoin úsáide mheasctha ná nuair a sháraíonn an cúirtealáiste 1 acra. Áirítear i gcúirtealáiste gairdíní, cosáin, cabhsáin, clóis, garáistí nó cróite a úsáidtear i dteannta le teach.

Nuair is maoin úsáide mheasctha atá sa mhaoin, ní mór duit an chomaoin don mhaoin a chionroinnt idir na codanna cónaithe agus na codanna neamhchónaithe. Má fhaightear an mhaoin mar bhronntanas ní mór duit an luach margaidh a chionroinnt.

Ba chóir duit taifead a choinneáil den chaoi ar tháinig tú ar an gcinneadh an chomaoin a chionroinnt.

Ar aghaidh: Rátaí