Dleacht Stampa agus Maoin

Maoin neamhchónaithe

Céard is maoin neamhchónaithe ann?

Chun críocha Dleachta Stampa, folaíonn maoin neamhchónaithe:

  • talamh talmhaíochta agus talamh neamhthalmhaíochta
  • suímh (seachas suímh a cheannaítear le comhaontú bainteach chun teach nó árasán a thógáil)
  • áitreabh tráchtála nó gnó, lena n-áirítear oifigí, monarchana, siopaí agus tithe tábhairne
  • roghanna i leith talamh a chruthú nó a aistriú
  • leasanna i leith talún (amhail ceadanna slí nó cearta eile chun cáblaí, píopaí, sreanga nó seolphíobáin eile a leagan)
  • éasúintí (ceart i leith maoin duine amhail ceart slí)
  • leas saoil a chruthú nó a aistriú
  • leas fuíll a chruthú nó a aistriú
  • sócmhainní gnó amhail cáilmheas nó fiachais leabhair
  • scaireanna, stoic agus urrúis indíolta
  • polasaithe árachais.

Suíomh a cheannach

Is maoin neamhchónaithe é suíomh. Íoctar Dleacht Stampála i leith chostas an tsuímh.

Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann roinnt den Dleacht Stampa a d’íoc tú a éileamh ar ais. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Scéim Aisíocaíochta na Dleachta Stampa ar Fhorbraíochtaí Cónaithe.

Má cheannaíonn tú, áfach, suíomh le comhaontú bainteach chun maoin chónaithe a thógáil air, is maoin chónaithe é an suíomh.

Má cheannaíonn tú suíomh le comhaontú bainteach tógála le haghaidh an mhéid seo:

  • foirgneamh tionsclaíoch
  • foirgneamh tráchtála

íocfaidh tú Dleacht Stampa i leith chostas an tsuímh agus i leith chostas na tógála. Tá na costais seo eisiata ó aon CBL.

Féadfaidh sé go bhfuil ceart slí le rochtain ar an suíomh san ionstraim (doiciméad i scríbhinn) lena n-aistrítear an suíomh. Nuair atá Dleacht Stampa íoctha agat i leith na hionstraime, níl Dleacht Stampa inmhuirir go leithleach i leith an chirt slí.

Comhaontuithe nó conarthaí chun maoin suite in Éirinn a cheannach

De ghnáth, níl Dleacht Stampa inmhuirir i leith comhaontuithe i scríbhinn ná conarthaí chun suíomh a cheannach. Tá roinnt eisceachtaí uaidh seo. Tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith na nithe scríofa áirithe seo a leanas:

  • comhaontuithe chun sócmhainní gnó a cheannach (Alt 31 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999)
  • comhaontuithe ‘bunaithe i gconradh’ (Alt 31A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999)
  • comhaontuithe ceadúnais (Alt 31B agus 137C den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999).

Aistrithe maoine a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe

Féach Maoin áirithe a ndíorthaíonn a luach ó mhaoin dho-aistrithe. 

Sannacháin (Aistrithe) polasaithe árachais (saoil agus neamhshaoil)

Más in Éirinn atá an riosca lena mbaineann an polasaí, íocfaidh tú Dleacht Stampa i leith sannacháin i scríbhinn den pholasaí.  

Féadfaidh sé go bhfuil tú ag fáil iasachta chun maoin a cheannach. Féadfaidh sé go bhfuil sé mar choinníoll ag an iasacht go ndéanfadh tú:

  • árachas saoil a thógáil amach
  • agus
  • an polasaí saoil a shannadh don iasachtóir mar urrús i leith na hiasachta. 

Nuair a dhéanann tú polasaí árachais saoil a shannadh mar urrús i leith iasachta, níl Dleacht Stampa inmhuirir. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh. Baineann sé seo le hionstraimí a ndéantar forghníomhú orthu ar an 7 Nollaig 2006 nó dá éis.

Ar aghaidh: Maoin áirithe a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe