Dleacht Stampa agus Maoin
Rátaí
Maoin chónaithe
Is iad na rátaí Dleachta Stampa ar aistriú maoine cónaithe ná:
- 1% ar an gcéad €1 milliún
- 2% ar an mbarrachas os cionn €1 milliún.
Tá feidhm ag na rátaí seo ar ionstraimí (doiciméid i scríbhinn) a fhorghníomhaítear (iad a shíniú, a shéalú nó an dá rud) ar an 8 Nollaig 2010 nó dá éis.
Tá na rátaí a bhí i bhfeidhm ar ionstraimí a forghníomhaíodh roimh an dáta sin ar fáil in Schedule 1 of the Stamp Duty Manual.
Maoin neamhchónaithe seachas polasaithe árachais
Is é 7.5% an ráta Dleachta Stampa ar aistriú maoine neamhchónaithe (seachas polasaithe árachais).
Baineann an ráta seo le hionstraimí a fhorghníomhaítear ar an 9 Deireadh Fómhair 2019 nó dá éis.
Foráiltear i mBuiséad 2020 do shocruithe idirthréimhseacha. Faoi na socruithe:
- sa chás go bhfuil conradh ceangailteach ar bun roimh 9 Deireadh Fómhair 2019
- agus
- go bhforghníomhaítear an ionstraim a aistríonn úinéireacht roimh an 1 Eanáir 2020
- agus
- go bhfuil deimhniú san áireamh san ionstraim
íocfaidh tú Dleacht Stampa ag an ráta réamh-Bhuiséid 6%.
An fhoclaíocht sa deimhniú ná:
“Deimhnítear leis seo go ndearnadh an ionstraim seo a fhorghníomhú go heisiach de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh 9 Deireadh Fómhair 2019”
Faoin Acht Airgeadais 2017, méadaíodh an ráta ó 2% go 6%.
Bhí an ráta 2% seo i bhfeidhm ar ionstraimí a fhorghníomhaíodh ar an 7 Nollaig 2011 nó dá éis.
Nuair a tháinig méadú ar an ráta go 6%, foráladh in Acht Airgeadais, 2017 do shocruithe eatramhacha.
Tá na rátaí a bhí i bhfeidhm ar ionstraimí a forghníomhaíodh roimh 11 Deireadh Fómhair 2017 ar fáil in Schedule 1 of the Stamp Duty Manual.
Tabhair do d’aire
Tá eolas faoin ráta Dleachta Stampa atá i bhfeidhm ar scaireanna a aistriú ar fáil in Rátaí Dleachta Stampa ar scaireanna, stoic agus urrúis indíolta.
Maoin úsáide measctha
Íoctar Dleacht Stampa ar an gcuid chónaithe ag an ráta Dleachta Stampa atá infheidhmithe ar mhaoin chónaithe a aistriú.
Íoctar Dleacht Stampa ar an gcuid neamhchónaithe ag an ráta Dleachta Stampa atá infheidhmithe ar mhaoin neamhchónaithe a aistriú (seachas polasaithe árachais).
Polasaithe árachais a aistriú
Is é 0.1% an ráta Dleachta Stampa ar ionstraim lena sanntar (aistrítear) polasaí árachais (saoil agus neamhshaoil). Tá an ráta seo i bhfeidhm roimh thabhairt isteach an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.
Polasaí árachais neamhshaoila a chruthú
Tá Dleacht Stampa sheasta de €1 i gceist nuair a chruthaítear polasaí árachais neamhshaoil. Bailíonn do chomhlacht árachais an dleacht agus íocann sé leis na Coimisinéirí Ioncaim í. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.
Contrapháirteanna
Tá Dleacht Stampa sheasta de €12.50 i bhfeidhm ar chontrapháirt (dúblach). Tá feidhm ag an dleacht sheasta ar ionstraimí a fhorghníomhaítear (iad a shíniú, a shéalú nó an dá rud) ar 1 Eanáir 2002 nó dá éis.
- Sampla
D’aontaigh Seán teach a ligean le Tomás ar feadh ceithre bliana ar chíos bliantúil €45,000. Dhréachtaigh dlíodóir Sheáin an léas agus thug sé dhá bhunchóip do Sheán. Déanann Seán agus Tomás an dá bhunchóip a forghníomhú (a shíniú).
Íocfaidh Tomás Dleacht Stampa ag ráta 1% ar cheann amháin de na bhunchóipeanna. Íocfaidh Tomás Dleacht Stampa sheasta de €12.50 ar an mbunchóip eile.
Féadfaidh sé gur lú an dleacht a íocadh ar cheann de na bunionstraimí ná €12.50. Más amhlaidh an cás, íoctar an tsuim is lú le haghaidh gach contrapháirt.
Suim na dleachta iníoctha á ríomh
Nuair atá an ráta Dleachta Stampa seasta, íocfaidh tú an ráta seasta.
Nuair nach bhfuil an ráta Dleachta Stampa seasta agus nuair nach bhfuil aon bhronntanas i gceist, iolraigh an chomaoin faoin ráta Dleachta Stampa cuí.
Sa chás go bhfuil bronntanas agus nach bhfuil aon chomaoin, iolraigh an luach margaidh faoin ráta Dleachta Stampa cuí.
Le haghaidh eolais ar an gcaoi leis an tsuim a ríomh nuair atá fiachas san áireamh leis an gcomaoin, féach Aistrithe maoine.
Ar aghaidh: Malartuithe