Dleacht Stampa agus Maoin

Maoin chónaithe

Céard is maoin chónaithe ann?

Maoin chónaithe chun críocha Dleachta Stampa is ea teach nó árasán a úsáidtear mar áit chónaithe.

Folaíonn maoin chónaithe, chomh maith, foirgnimh, nó codanna d’fhoirgnimh:

  • atá oiriúnach lena n-úsáid mar áit chónaithe
  • atá i lár a thógála, nó a oiriúnú lena úsáid mar áit chónaithe
  • a tógadh nó a oiriúnaíodh lena n-úsáid mar áit chónaithe agus nár úsáideadh chun aon críche eile ina dhiaidh sin.

Meastar gur maoin chónaithe í cúirtealáiste le hachar suas le hacra amháin. Áirítear i gcúirtealáiste gairdíní, cosáin, cabhsáin, clóis, garáistí nó cróite a úsáidtear i dteannta le teach. Ní fholaíonn sé suíomh an tí. Má sháraíonn an cúirtealáiste acra amháin, is maoin neamhchónaithe é an t-achar farasbairr.

 

Ní mór don mhaoin a bheith ina maoin cónaithe ar dháta forghníomhaithe (síniú, an séalú nó an dá rud) na hionstraime (doiciméad i scríbhinn) lena n-aistrítear an mhaoin.

Tá ceangal ag an sainmhíniú leis an gcóras rátála atá á oibriú ag údaráis áitiúla. Más rud é, ar an 31 Nollaig sa bhliain féilire roimh an aistriú:

  • gur rátáil neamhchónaithe a bhain leis an bhfoirgneamh
  • gur rátáil neamhchónaithe a bhain le haon chuid den fhoirgneamh,

caitear leis an bhfoirgneamh, nó leis an gcuid sin den fhoirgneamh ar bhain rátáil neamhchónaithe leis, mar mhaoin chónaithe chun críocha Dleachta Stampa.

Cead pleanála

Féadfaidh sé go bhfuil cead pleanála agat chun úsáid foirgnimh a athrú isteach ina fhoirgneamh cónaithe sula n-aistrítear an foirgneamh chugat. É sin nó féadfaidh sé go bhfuil cead pleanála agat chun teach a thógáil ar an suíomh. Ní chiallaíonn cead pleanála gur foirgneamh ná suíomh cónaithe atá ann agus ní fhéadtar é a chur san áireamh.

Teach tréigthe

Chun críocha Dleachta Stampa folaíonn maoin chónaithe teach tréigthe. Teastóidh Uimhir Aitheantais Maoine don Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ) chun an tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh. Le tuilleadh eolais a fháil, féach Na sonraí a theastaíonn chun tuairisceán a thíolacadh.

Níl maoin chónaithe faoi dhliteanas CMÁ má tá sé do-áitrithe agus mí-oiriúnach lena húsáid mar áit chónaithe. Le haghaidh tuilleadh eolas, féach Maoine nach bhfuil oiriúnach lena n-úsáid mar áit chónaithe.

Maoin chónaithe a ceannaíodh mar infheistíocht

Féadfaidh sé gur cheannaigh tú maoin chónaithe a léasaítear do thionóntaí. É sin nó féadfaidh sé gur cheannaigh tú maoin chónaithe agus é ar intinn agat é a léasú do thionóntaí. Chun críocha Dleachta Stampa, meastar gur maoin chónaithe atá ann má chomhlíonann sé an sainmhíniú ar mhaoin chónaithe a leagtar amach thuas.

Suíomh a cheannach

Is maoin neamhchónaithe é suíomh. Má cheannaíonn tú, áfach, suíomh le comhaontú bainteach chun maoin chónaithe a thógáil air, is maoin chónaithe é an suíomh. Íoctar Dleacht Stampa i leith chostas an tsuímh móide costas na tógála, gan aon Cháin Bhreisluacha (CBL) san áireamh.

Tá nasc idir an

  • comhaontú chun an suíomh a cheannach
  • agus
  • comhaontú tógála

mura bhféadtar an suíomh a aistriú chugat gan an mhaoin chónaithe a bheith tógtha air.

Ar aghaidh: Maoin neamhchónaithe