Dleacht Stampála agus maoin
Maoin neamhchónaithe
Céard is maoin neamhchónaithe ann?
Chun críocha Dleachta Stampála, folaíonn maoin neamhchónaithe:
- talamh talmhaíochta agus talamh neamhthalmhaíochta
- suímh (seachas suímh a cheannaítear le comhaontú bainteach chun teach nó árasán a thógáil)
- áitreabh tráchtála nó gnó, lena n-áirítear oifigí, monarchana, siopaí agus tithe tábhairne
- roghanna i leith talamh a chruthú nó a aistriú
- leasanna i leith talún (amhail ceadanna slí nó cearta eile chun cáblaí, píopaí, sreanga nó seolphíobáin eile a leagan)
- éasúintí (ceart i leith maoin duine amhail ceart slí)
- leas saoil a chruthú nó a aistriú
- leas fuíll a chruthú nó a aistriú
- sócmhainní gnó amhail cáilmheas nó fiachais leabhair
- scaireanna, stoic agus urrúis indíolta
- polasaithe árachais.
Suíomh a cheannach
Is maoin neamhchónaithe é suíomh. Íoctar Dleacht Stampála i leith chostas an tsuímh.
Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann roinnt den Dleacht Stampála a d’íoc tú a éileamh ar ais. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Scéim Aisíocaíochta na Dleachta Stampála ar Fhorbraíochtaí Cónaithe.
Má cheannaíonn tú, áfach, suíomh le comhaontú bainteach chun maoin chónaithe a thógáil air, is maoin chónaithe é an suíomh.
Má cheannaíonn tú suíomh le comhaontú bainteach tógála le haghaidh an mhéid seo:
- foirgneamh tionsclaíoch
- nó
- foirgneamh tráchtála
íocfaidh tú Dleacht Stampála i leith chostas an tsuímh agus i leith chostas na tógála. Tá na costais seo eisiata ó aon Cháin Bhreisluacha (CBL).
Féadfaidh sé go bhfuil ceart slí le rochtain ar an suíomh san ionstraim (doiciméad i scríbhinn) lena n-aistrítear an suíomh. Nuair atá Dleacht Stampála íoctha agat i leith na hionstraime, níl Dleacht Stampála inmhuirir go leithleach i leith an chirt slí.
Comhaontuithe nó conarthaí chun maoin suite in Éirinn a cheannach
De ghnáth, níl Dleacht Stampála inmhuirir i leith comhaontuithe i scríbhinn ná conarthaí chun suíomh a cheannach. Tá roinnt eisceachtaí uaidh seo. Tá Dleacht Stampála inmhuirir i leith na nithe scríofa áirithe seo a leanas:
- comhaontuithe chun sócmhainní gnó a cheannach (Alt 31 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampála, 1999)
- comhaontuithe ‘bunaithe i gconradh’ (Alt 31A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampála, 1999)
- comhaontuithe ceadúnais (Alt 31B agus 137C den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampála, 1999).
Aistrithe maoine a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe
Féach 'Maoin áirithe a ndíorthaíonn a luach ó mhaoin dho-aistrithe'.
Sannacháin (aistrithe) polasaithe árachais (saoil agus neamhshaoil)
Más in Éirinn atá an riosca lena mbaineann an polasaí, íocfaidh tú Dleacht Stampála i leith sannacháin i scríbhinn den pholasaí.
- Sampla 1
Dhíol ABC Teo. árachas do bharántaí fadaithe.
D’fheidhmigh an tUasal Ó Murchú mar idirghabhálaí ar son ABC Teo. trí na polasaithe a dhíol leis na daoine aonair a cheannaíonn earraí uaidh.
Má tá gnáthchónaitheacht na ndaoine aonair sin (na sealbhóirí polasaí) in Éirinn, tá an riosca lonnaithe in Éirinn. Tá Dleacht Stampála inmhuirir.
- Sampla 2
Cuideachta de chuid na hÍsiltíre is ea DEF a bhfuil a ceannoifig lonnaithe san Ísiltír.
Thóg DEF polasaí dliteanais phoiblí amach le hárachóir atá sa Ríocht Aontaithe (RA) trí bhróicéir árachais Éireannach.
Tógadh an polasaí amach i ndáil le dliteanas a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá ngortófaí custaiméirí de chuid DEF le linn aonach siamsaíochta atá á reáchtáil ag DEF i mBaile Átha Cliath.
Níl an riosca lonnaithe in Éirinn. Dá bhrí sin, is duine dlíthiúil é sealbhóir an pholasaí, is é sin DEF, agus tá a ceannoifig lonnaithe taobh amuigh d’Éirinn. Níl Dleacht Stampála inmhuirir. Níl ort Tuairisceán Dleachta Stampála a thíolacadh.
- Sampla 3
Cuideachta Ghearmánach is ea GHI a bhfuil a ceannoifig lonnaithe i mBeirlín.
Tá brainse ag an gcuideachta i mBaile Átha Cliath.
Thóg an brainse i mBaile Átha Cliath polasaí dliteanais phoiblí amach i ndáil le gortú d’aon duine den phobal atá ag tabhairt cuairte ar na hoifigí i mBaile Átha Cliath.
Tá an riosca lonnaithe i mBaile Átha Cliath mar gheall go bhfuil sealbhóir na polasaí lena mbaineann an polasaí lonnaithe in Éirinn. Tá Dleacht Stampála inmhuirir.
Féadfaidh sé go bhfuil tú ag fáil iasachta chun maoin a cheannach. Féadfaidh sé go bhfuil sé mar choinníoll ag an iasacht go ndéanfadh tú:
- árachas saoil a thógáil amach
- agus
- an polasaí saoil a shannadh don iasachtóir mar urrús i leith na hiasachta.
Nuair a dhéanann tú polasaí árachais saoil a shannadh mar urrús i leith iasachta, níl Dleacht Stampála inmhuirir. Níl ort Tuairisceán Dleachta Stampála a thíolacadh. Baineann sé seo le hionstraimí a ndéantar forghníomhú orthu ar an 7 Nollaig 2006, nó dá éis.
Ar aghaidh: Maoin áirithe a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe