Dleacht Stampála agus maoin
Rátaí
Maoin chónaithe
Is iad na rátaí Dleachta Stampa ar aistriú maoine cónaithe ná:
- 1% ar chomaoin suas le €1 milliún
- 2% ar aon chomaoin os cionn €1 milliún agus suas le €1.5 milliún
- 6% ar aon chomaoin os cionn €1.5 milliún.
Sa chás go mbaineann an chomaoin le trí árasán nó níos mó sa bhloc árasán céanna, is iad seo a leanas na rátaí Dleachta Stampa:
- 1% ar chomaoin suas le €1 milliún
- 2% ar aon chomaoin os cionn €1 milliún.
Gearrtar ráta níos airde Dleachta Stampa 15% faoi Alt 31E den SDCA 1999 sa chás go bhfaigheann duine deich maoin chónaithe nó níos mó (seachas árasáin) in aon tréimhse 12 mhí.
Baineann na rátaí le hionstraimí a fhorghníomhaítear ar an 2 Deireadh Fómhair 2024, nó dá éis.
Maoin neamhchónaithe (seachas polasaithe árachais)
Is é 7.5% an ráta Dleachta Stampa ar aistriú maoine neamhchónaithe (seachas polasaithe árachais). Baineann an ráta seo le hionstraimí a fhorghníomhaítear ar an 9 Deireadh Fómhair 2019, nó dá éis.
Faoin Acht Airgeadais 2017, méadaíodh an ráta ó 2% go 6%. Bhí an ráta 2% seo i bhfeidhm ar ionstraimí a fhorghníomhaíodh ar an 7 Nollaig 2011 nó dá éis. Nuair a tháinig méadú ar an ráta go 6%, foráladh in Acht Airgeadais, 2017 do shocruithe eatramhacha.
Féadtar na rátaí a bhain le hionstraimí a forghníomhaíodh roimh 11 Deireadh Fómhair 2017 ar fáil in Schedule 1 of the Stamp Duty Manual.
Tabhair do d’aire
Féadtar eolas faoin ráta Dleachta Stampa atá i bhfeidhm ar scaireanna a aistriú a fháil in Rátaí Dleachta Stampa ar scaireanna, stoic agus urrúis indíolta.
Maoin úsáide measctha
Ní mór duit Dleacht Stampa a íoc ar an gcuid chónaithe ag an ráta Dleachta Stampa atá infheidhmithe ar mhaoin chónaithe a aistriú.
Ní mór Dleacht Stampa a íoc ar an gcuid neamhchónaithe ag an ráta Dleachta Stampa atá infheidhmithe ar mhaoin neamhchónaithe a aistriú (seachas polasaithe árachais).
Polasaithe árachais a aistriú
Is é 0.1% an ráta Dleachta Stampa ar ionstraim lena sanntar (aistrítear) polasaí árachais (saoil agus neamhshaoil). Tá an ráta seo i bhfeidhm roimh thabhairt isteach an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.
Polasaí árachais neamhshaoila a chruthú
Tá Dleacht Stampa sheasta de €1 i gceist nuair a chruthaítear polasaí árachais neamhshaoil. Bailíonn do chomhlacht árachais an dleacht agus íocann sé leis na Coimisinéirí Ioncaim í. Níl ort Tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.
Contrapháirteanna
Tá Dleacht Stampa sheasta de €12.50 i bhfeidhm ar chontrapháirt (dúblach). Tá feidhm ag an dleacht sheasta ar ionstraimí a fhorghníomhaítear (iad a shíniú, a shéalú nó an dá rud) ar 1 Eanáir 2002, nó dá éis.
- Sampla
D’aontaigh Seán teach a ligean le Tomás ar feadh ceithre bliana ar chíos bliantúil €45,000. Dhréachtaigh dlíodóir Sheáin an léas agus thug sé dhá bhunchóip do Sheán. Déanann Seán agus Tomás an dá bhunchóip a forghníomhú (a shíniú).
Íocfaidh Tomás Dleacht Stampa ag ráta 1% ar cheann amháin de na bhunchóipeanna. Íocfaidh Tomás Dleacht Stampa sheasta de €12.50 ar an mbunchóip eile.
Féadfaidh sé gur lú an dleacht a íocadh ar cheann de na bunionstraimí ná €12.50. Más amhlaidh an cás, íoctar an tsuim is lú le haghaidh gach contrapháirt.
Suim na dleachta iníoctha á ríomh
Nuair atá an ráta Dleachta Stampa seasta, íocfaidh tú an ráta seasta.
Nuair nach bhfuil an ráta Dleachta Stampa seasta agus nuair nach bhfuil aon bhronntanas i gceist, iolraigh an chomaoin faoin ráta Dleachta Stampa cuí.
Sa chás go bhfuil bronntanas agus nach bhfuil aon chomaoin, iolraigh an luach margaidh faoin ráta Dleachta Stampa cuí.
Le haghaidh eolais ar an gcaoi leis an tsuim a ríomh nuair atá fiachas san áireamh leis an gcomaoin, féach Aistrithe maoine.
Ar aghaidh: Malartuithe