Dleacht Stampála agus maoin

Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh maoin chónaithe

Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh díolacháin agus léasanna

Méadaíodh na rátaí Dleachta Stampála a bhaineann le maoin chónaithe le socruithe eatramhacha i mBuiséad 2025. I gcásanna den chineál sin, beidh feidhm ag na rátaí a bhí i bhfeidhm roimh an 2 Deireadh Fómhair 2024. Chun leas a bhaint as na bearta eatramhacha seo, féadfaidh an duine atá ag tíolacadh an Tuairisceáin Dleachta Stampála tic a chur sa bhosca socruithe eatramhacha ar an tuairisceán, agus dáta an chonartha a chur isteach. Más roimh an 2 Deireadh Fómhair 2024 atá an dáta, tá feidhm ag na seanrátaí go huathoibríoch.

Rátaí caighdeánacha Dleachta Stampála

Faoi na socruithe: 

  • sa chás go bhfuil conradh ceangailteach ar bun roimh 02 Deireadh Fómhair 2024
  • go bhforghníomhaítear an ionstraim a aistríonn úinéireacht roimh an 1 Eanáir 2025
  • agus 
  • go bhfuil deimhniú san áireamh san ionstraim.

íocfaidh tú Dleacht Stampála ag an ráta réamh-Bhuiséid de 

  • 1% ar chomaoin suas le €1 milliún
  • 2% ar aon chomaoin os cionn €1 milliún.

*An fhoclaíocht sa deimhniú ná:

“Deimhnítear leis seo gur forghníomhaíodh an ionstraim seo go heisiach de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh 2 Deireadh Fómhair 2024.”

Ardráta Dleachta Stampála

Faoi Alt 31E den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampála, 1999, gearrtar ráta dleachta níos airde ar fháltais áirithe maoine cónaithe . Baineann an ráta dleachta seo le haonaid chónaithe aonair a cheannaítear amhail tithe agus árasáin dhá urlár, ach ní le hárasáin, sa chás go bhfaigheann duine deich n-aonad den sórt sin ar a laghad, le linn tréimhse 12 mhí. 

Mhéadaigh Buiséad 2025 an ráta dleachta sa chás go gcomhlíontar critéir áirithe. Mar sin féin, déantar foráil ann freisin maidir le socruithe eatramhacha nuair a chomhlíontar critéir áirithe.

Faoi na socruithe, gearrtar Dleacht Stampála ag an ráta réamh-Bhuiséid de 10% nuair a fhaightear an deichiú aonad cónaithe ábhartha i dtréimhse 12 mhí:

  • sa chás go bhfuil conradh ceangailteach ar bun roimh 02 Deireadh Fómhair 2024 
  • go bhforghníomhaítear an ionstraim a aistríonn úinéireacht roimh an 1 Eanáir 2025
  • agus 
  • go bhfuil deimhniú san áireamh san ionstraim.*

*An fhoclaíocht sa deimhniú ná:

“Deimhnítear leis seo gur forghníomhaíodh an ionstraim seo go heisiach de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh 2 Deireadh Fómhair 2024.”

I gcásanna den chineál sin, tá feidhm ag na ráta a bhí i bhfeidhm roimh an 2 Deireadh Fómhair 2024.

Nuair a fhaightear an deichiú maoin ar an 2 Deireadh Fómhair 2024, nó dá éis

Sa chás go bhfuair duine roinnt aonad cónaithe roimh an 2 Deireadh Fómhair 2024, ach nach bhfaightear an deichiú maoin go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2024, nó dá éis, gearrfar an ráta 15% ar an bhfáltas sin agus ar na fáltais roimhe sin sa tréimhse 12 mhí, mura bhfuil feidhm ag an socrú eatramhach.

Beidh feidhm ag an socrú eatramhach má fhaightear an deichiú maoin:

  • de bhun conartha cheangailtigh a rinneadh roimh an 2 Deireadh Fómhair 2024
  • agus
  • go gcuirtear an fháltas i gcrích faoin 31 Nollaig 2024.

I gcás den sórt sin, beidh feidhm ag an ráta 10% ar an bhfáltas sin, agus ar fháltais roimhe sin sa tréimhse leanúnach 12 mhí.