Do Dhleacht Stampa a oibriú amach
Aistrithe idir iarchéilí nó iarpháirtnéirí sibhialta
Tá roinnt aistrithe maoine idir iarchéilí díolmhaithe ón Dleacht Stampa. Má aistríonn d’iarchéile maoin chugat de bhun:
- ordú faoisimh faoi alt 23 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995
- nó
- ordú faoi Chuid III den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996
- nó
- ordú cúirte eachtraí nó a mhacasamhail atá aitheanta ag Éirinn d’fhonn an pósadh a scaoileadh
tá an ionstraim díolmhaithe ó Dhleacht Stampa ar an gcoinníoll nach bhfuil aon tríú páirtí páirteach ann.
Ní mór duit tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh agus an díolúine a éileamh ar an tuairisceán.
Mura bhfuil ceann de na horduithe thuasluaite agat, ní fhéadfaidh tú an díolúine a éileamh.
Aistrithe idir iarpháirtnéirí sibhialta
Má aistríonn d’iarpháirtnéir maoin chugat de bhun:
- ordú faoi Chuid 12 den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010
- nó
- ordú cúirte eachtraí nó a mhacasamhail atá aitheanta ag Éirinn d’fhonn an pháirtnéireacht a scaoileadh
tá an ionstraim a aistríonn an mhaoin díolmhaithe ó Dhleacht Stampa ar an gcoinníoll nach bhfuil aon tríú páirtí páirteach ann.
Ní mór duit tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh agus an díolúine a éileamh ar an tuairisceán.
Mura bhfuil ceann de na horduithe thuasluaite agat, ní fhéadfaidh tú an díolúine a éileamh.
Ar aghaidh: Díolúintí agus faoisimh a aisghlámadh