Feirmeoirí agus iascairí

Cén chaoi le Cáin Bhreisluacha (CBL) ar fhoirgnimh feirme a aiséileamh

Féadann feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) aiséileamh a dhéanamh ar an CBL a d’íoc siad i leith aon cheann den mhéid seo a leanas a thógáil, a shíneadh, a athrú nó atógáil:

  • foirgnimh agus struchtúir feirme
  • draenáil talún
  • míntíriú talún
  • fálta sceach
  • íosbhealaí.

Ní mór iarratais a dhéanamh le haghaidh aisíocaíocht CBL taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.

Ba chóir gach éileamh ar aisíocaíocht a dhéanamh ar an bhfoirm CBL 58.

Ó 1 Eanáir 2019 féadtar éilimh CBL 58 a thíolacadh ag aon am ar an gcoinníoll:

  • nach bhfuil siad níos sine ná ceithre bliana
  • go bhfuil siad le haghaidh bliana féilire nó tréimhse laistigh de bhliain féilire
  • níos mó ná €125.

Is ó 1 Eanáir go 31 Nollaig atá bliain féilire. Ní fhéadtar éileamh a tíolaic a clúdaíonn dá bhliain féilire.

Sampla

Tá éileamh agat le haghaidh Meán Fómhair 2017, Nollaig 2017, Eanáir 2018 agus Márta 2018.

Ní fhéadfaidh tú na héilimh uile a thíolacadh ar CBL 58 amháin. Ní mór Meán Fómhair agus Nollaig a thíolacadh ar tuairisceán amháin agus Eanáir agus Márta ar cheann eile.

Cén áit a gcuirtear an fhoirm éilimh CBL 58?

Le héifeacht ó 1 Eanáir 2019, ba chóir iarratais ar aisíocaíocht CBL ar fhoirgnimh feirme a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí.vNí mór do ríomhthíolaiceoirí éigeantacha reatha éilimh a thíolacadh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí.

Féadtar tuilleadh eolais ar an áis ríomh-Aisíocaíochtaí a fháil in Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) ar fhoirgnimh feirme.

Féadtar gach fiosrú i ndáil le ríomhAisíocaíochtaí a dhéanamh le M’Fhiosruithe in moChúrsaí nó ROS.

Roghnaigh an chatagóir An tArdbhailitheoir agus ansin roghnaigh Aisíocaíochtaí CBL (Neamhchláraithe).

Ar aghaidh: Cén chaoi le Cáin Bhreisluacha (CBL) ar shoithí agus trealamh iascaireachta mara a aiséileamh