Scéim Easpórtála Miondíola

Céard iad na ceannacháin ar a bhféadtar CBL a éileamh ar ais?

Féadtar Cáin Bhreisluacha (CBL) a éileamh ar ais ar cheannacháin earraí a thagann faoin sainmhíniú 'earraí cáilitheacha do thaistealaithe'.

Is earraí iad seo, a sholáthraítear don turasóir nó don taistealaí taobh istigh den Stát lena n-úsáid go príobháideach, a easpórtálann an turasóir nó an taistealaí iad taobh amuigh den AE ina bagáiste pearsanta nó é sin déanta thar a gceann.

Ní mór go mbeadh an méid seo a leanas i gceist le gach soláthar earraí, a bhfuil CBL á éileamh ar ais orthu:

  • luach iomlán dearbhán easpórtála nach lú ná €75 a bheith acu
  • agus
  • a bheith easpórtáilte ag nó ar son an turasóra nó an taistealaí faoin lá deiridh den tríú mí i ndiaidh na míosa a dtarlaíonn an soláthar ann. 

Tá earraí chun báid phléisiúir, aerárthaí príobháideacha nó modhanna eile iompair a fheistiú, a bhreoslú agus a sholáthar, eisiata ón scéim.

Nósanna imeachta speisialta le haghaidh earraí ar luach ard 

Maidir le hearraí aonair a chosnaíonn €2,000 nó níos mó (CBL san áireamh), ní mór gach earra a chur i láthair d’Oifigeach Custam chun críocha deimhniú easpórtálacha in éineacht leis an méid seo a leanas:

  • an dearbhán easpórtála gaolmhara
  • agus
  • gach doiciméad a bhaineann le díolacháin a sholáthraíonn an miondíoltóir don taistealaí (ráthaíocht, deimhniú tionscnaimh srl.)

Ní dhéanfaidh Custaim stampáil ar dhearbháin lascaine d’earraí ar luach ard, a fhágtar sa bhosca fágála isteach, nó a thugtar do ghníomhairí aisíocaíochta. Ba chóir do thurasóirí nó do thaistealaithe ar mian leo aisíocaíochtaí CBL a fháil ar na hearraí seo, a chinntiú go bhfuil a ndóthain ama acu, tar éis dóibh seiceáil isteach, freastal ar an deasc Custam leis na hearraí.

Tabhair do d'aire

Sa chás nach stampálann Custaim dearbháin d’earraí den chineál sin, ní bheidh sé indéanta ag an miondíoltóir nó an gníomhaire aisíocaíochta d’aisíocaíocht a phróiseáil.

I gcás paisinéirí idirthurais ag imeacht ón AE trí aerfort eile taobh istigh de 24 uair an chloig, stampálfaidh Custaim na hÉireann na dearbháin easpórtála d’earraí ar luach €2,000 nó níos mó (CBL san áireamh). I ngach cás eile a bhaineann le hearraí ar luach ard, déanfar an dearbhán lascaine a dheimhniú ag an bpointe imeachta ón AE.

An féidir liom CBL a éileamh ar ais ar cheannach seirbhísí?

Ní chlúdaíonn an scéim easpórtála miondíola ach earraí amháin. Níl seirbhísí, ar nós lóistín in óstán, fruiliú gluaisteán nó béilí bialainne, clúdaithe faoin scéim.

Ceard é an scéim aisíocaíochta ‘CBL As’?

Tá miondíoltóirí nó gníomhairí aisíocaíochta áirithe údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim scéim ‘CBL As’ a oibriú. Ligeann sé seo duit na hearraí a fháil saor ó CBL ag an bpointe ceannaigh. Tá oibriú na scéime faoi réir riachtanas agus coinníollacha áirithe mar a thugann an miondíoltóir aonair eolas duit ina leith. Is é

  • an miondíoltóir
  • an gníomhaire aisíocaíochta
  • agus
  • an turasóir
  • nó 
  • an taistealaí

atá freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar na riachtanais agus na coinníollacha iomlána.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-oibríonn miondíoltóirí an scéim?