Achomhairc CCF

  1. Léargas ginearálta
  2. An próiseas chun achomharc a dhéanamh
  3. Próiseas achomhairc CCF

An próiseas chun achomharc a dhéanamh

Is próiseas dhá chéim atá sa nós imeachta d’achomhairc. Is éard atá i gceist sa chéad chéim ná scrúdú an athuair ar an ábhar ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nach raibh baint aige nó aici leis an gcinneadh bunaidh.  Mura n-aontaíonn tú leis an gcinneadh tar éis na céime seo, féadtar achomharc a thíolacadh go díreach leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Ní mór duit an CCF a íoc ar dtús sula bhféadtar achomharc a bhreithniú. Féadtar ansin achomharc a dhéanamh i leith an mhéid seo:

  • an tsuim CCF a gearradh
  • diúltú aisíocaíochta nó loghtha CCF
  • diúltú díolúine ó CCF a dheonú
  • agus
  • roinnt ceisteanna CCF eile.

Tabhair do d'aire nach bhféadtar achomharc a dhéanamh in aghaidh ábhair riaracháin amhail táillí próiseála.  

I gcásanna luachála, tá dhá mhí agat tar éis dháta cláraithe na feithicle chun achomharc a dhéanamh.

I ngach cás eile, tá dhá mhí agat tar éis dháta an chinnidh thosaigh.  I gcásanna eisceachtúla áirithe agus faoi dhiscréid na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfaidh sé go nglacfar le hachomhairc tar éis don dá mhí dul in éag.

Roimh achomharc a chur isteach, déan cinnte de go bhfuil an cinneadh tosaigh tar éis na fíricí go léir a bhaineann le do chás a chur san áireamh. Nuair a chreideann tú go bhfuil gach rud gur féidir leat a fháil amach faighte amach agat, fút féin atá sé achomharc a dhéanamh.

Ar aghaidh: Próiseas achomhairc CCF