Trádálaithe agus próisis údaraithe

Údarú trádálaithe mótar

Féadtar iarratas a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim, trí M’Fhiosruithe i leith feithiclí neamhchláraithe a:

  • dhéantúsaigh
  • roinn
  • dhéileáil
  • seachaid
  • stóráil
  • dheisigh nó mhionathraigh.

Mura bhfuil tú údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, ní mór duit cloígh le gnáth-nósanna imeachta cláraithe.

Chun údarú a fháil, ní mór duit iarratas a dhéanamh le d’Oifigeach Rialaithe CCF trí M’Fhiosruithe agus taispeáin:

  • go bhfuil sé ar d’intinn a bheith gafa go gníomhach leis an trádáil
  • go bhfuil áitreabh gnó oiriúnach agat
  • go bhfuil tú cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL)
  • agus
  • go bhfuil Deimhniú Imréitigh Canach reatha agat.

Áitreabh

Tá dhá riachtanas ann maidir leis an áitreabh clúdaithe ag an údarú:

  • ní mór an t-áitreabh a bheith faoi úinéireacht an iarratasóra, nó glactha ar cíos, nó léasaithe go dlíthiúil acu
  • agus
  • ní mór an t-áitreabh a bheith ina áitreabh inar bhféadtar dul i mbun gnó den chineál seo go dleathach. Ní fhéadtar áitreabh amhail áiteanna nach bhfuil cead dul i mbun an ghnó de réir na ndlíthe pleanála, a chur san áireamh.

Íocaíocht CCF

Má tá sé údaraithe, eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim Uimhir Chuntais Trádálaí (UCT). Tabharfar faomhadh go huathoibríoch duit an cuntas íocaíochta neamh-iarchurtha nó cuntas ‘FACT’ a úsáid. Tá sonraí an chuntais seo agus na coinníollacha a bhaineann le íocaíocht iarchurtha ar fáil sa VRT Manual Section 10.

Údarú a chúlghairm

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim údarú a chúlghairm ar chúis réasúnach agus tar éis fógra réasúnach a thabhairt.

Áirítear iad seo a leanas i measc na gcúinsí inar bhféadtar údarú a chúlghairm:

  • níl an sealbhóir gafa go gníomhach i gceann de na gnóthaí forordaithe a thuilleadh, nó níor chuir siad tús leis an ngnó riamh
  • theip ar an sealbhóir Deimhniú Imréitigh Cánach a thaispeáint nuair a iarradh é
  • ní choimeádann an sealbhóir taifid an ghnó i gcaoi a shásaíonn na Coimisinéirí Ioncaim.

I gcás ina gcúlghairtear údarú, ní féidir leis an ngnó bainteach feithiclí neamhchláraithe a shealbhú, nó iad a cheannach nó a dhíol, a thuilleadh.

Riachtanas chun clárú

Ní gá do dhéileálaí údaraithe a bhfuil feithicil nua mar stoc trádála ina seilbh acu an fheithicil a chlárú ina n-ainm. Tá dualgas ar an déileálaí, áfach, cinntiú go bhfuil an fheithicil cláraithe sula nglacann an custaiméir seilbh de sheachadadh na feithicle.

Le linn díola, bailíonn an déileálaí an CCF ón gcustaiméir agus cláraíonn siad an fheithicil in ainm an chustaiméara. Déantar é seo trí úsáid a bhaint as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), nó ag aon ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna.

Nuair atá feithicil cláraithe, féadtar í a sholáthar ansin don chustaiméir le plátaí cláraithe uirthi.

Níl ach déileálaithe mótar údaraithe i dteideal feithiclí neamhchláraithe a shealbhú. Sa chás go bhfaigheann duine neamhúdáraithe feithiclí neamhchláraithe, ní mór go bhfuil sé cláraithe in ainm an duine agus an CCF a íoc.

Is gá do thrádálaithe údaraithe gach doiciméad a bhaineann le feithiclí cláraithe agus neamhchláraithe a choimeád ar feadh tréimhse sé bliana. Tá tuairisceáin thréimhsiúla ag teastáil freisin, go leictreonach nó i gcóip chrua, ar an ráiteas ar stoc tréimhsiúil Form VRT 17.

Ar aghaidh: Díchlárú feithiclí