Trádálaithe agus próisis údaraithe

Ainm agus seoladh an úinéara

Réamhrá

Ní mór an t-eolas ceart i dtaca le hainm agus seoladh úinéara a dhearbhú leis na Coimisinéirí Ioncaim ag an tráth atá mótarfheithiclí á gclárú.

Is é an t-ainm dearbhaithe an t-ainm a bheidh le feiceáil ar an Deimhniú Cláraithe Feithicle (DCF). Is é seo an duine a bhfuil cúram na feithicle sin air nó uirthi de réir dlí.

Tá freagracht dhlíthiúil ar dhéileálaithe gan sonraí úinéara a chur isteach a bhfuil a fhios acu a bheith mícheart nó míthreorach.

Sonraí úinéireachta

Is é an t-úinéir atá le hainmniú ag tráth an chlárúcháin ná:

  • an duine, nó an t-eintiteas dlíthiúil a bhfuil sé de chúram air nó uirthi an fheithicil a choinneáil
  • má tá feithicil faoi réir comhaontú fruilcheannaigh nó léas, an duine nó an t-eintiteas dlíthiúil atá ainmnithe ar an gcomhaontú nó léas.

Eintiteas cuntasach go dlíthiúil

Áirítear leis an nath seo:

  • gach gnó corpraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí
  • agus
  • eintitis eile, mar shampla, Údaráis Áitiúla, iontaobhais agus a leithéid.

Ní fhéadtar liosta uileghabhálach d’eintitis dhlíthiúla inghlactha a thabhairt. Ba chóir go mbeadh an t-ainm faoina gcláraítear an t-úinéir dearbhaithe chun críocha cánach inghlactha.

Ainmneacha ‘ag trádáil mar’ nó ‘t/m’

Níl ainm ‘ag trádáil mar’ nó ‘t/m’ inghlactha mar úinéir ós rud é nach eintiteas dlíthiúil é.

Féadtar an t-ainm trádála le ‘t/m’ a chur isteach ar na dearbhuithe chomh maith le hainm na n-eintiteas dlíthiúil.

Ainmneacha comhpháirteacha

Ní féidir ach duine amháin a dhearbhú mar úinéir feithicle. Ní ghlactar le dearbhú úinéireachta feithicle in ainmneacha comhpháirteacha.

Seoladh

An seoladh atá ag teastáil ná an seoladh sa Stát ina bhfuil an t-úinéir gnáthchónaitheach ag tráth an chlárúcháin.

Maidir leis an seoladh seo:

  • is air a bhraitheann an t-aitheantóir contae ar an bpláta cláraithe
  • is air a bhraitheann an seoladh a seolfar an deimhniú cláraithe feithicle chuige
  • agus
  • féadtar é a úsáid freisin chun críocha dlíthiúla.

Ní cheadaítear dearbhú i leith seoladh eile, mar shampla, duine gaolmhar leis an úinéir. Go háirithe, níor cheart seoltaí ‘faoi chúram’ a úsáid.