Trádálaithe agus próisis údaraithe

Réamhscrúdú ag ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC)

Imlíne an chóras

Féadann déileálaithe údaraithe coinne a dhéanamh chun:

  • feithiclí a thabhairt chuig aonad SNTC le haghaidh réamhscrúdú roimh cheannaitheoir a bheith acu don feithicil
  • socrú a dhéanamh go ndéanfadh baill foirne ón SNTC scrúdú ar na feithiclí ag a n-áitreabh féin.

Tar éis an réamhscrúdaithe, déantar sonraí na feithicle a thaifeadadh ar Chóras ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) roimh dhíol na feithicle. Ní fhéadtar na sonraí seo a leasú ina dhiaidh sin. Nuair atá ceannaitheoir ann don fheithicil, féadtar í a chlárú ar ROS.

Mura bhfuil cuntas ROS agat, ní bheidh tú in ann leas a bhaint as an áis seo.

Réamhscrúdú ag ionad SNTC

Ní mór duit coinne a dhéanamh leis an SNTC agus an fheithicil a chur i láthair le haghaidh scrúdú chomh maith le d’Uimhir Cuntais Trádálaí (UCT). Baileoidh an SNTC:

  • sonraí uile na feithicle (seachas sonraí an úinéara agus an íocóra)
  • agus
  • déanfaidh siad fiosrú leis na Coimisinéirí Ioncaim a chuirfidh in iúl an Cháin Chláraithe Feithiclí (CCF) atá iníoctha ar an dáta sin.

Réamhscrúdú ag an SNTC ag áitreabh údaraithe

De rogha air sin, féadtar socrú a dhéanamh go ndéanfaidh an NCTS scrúdú ar an bhfeithicil ag d'áitreabh ar tháille. tá sonraí faoi seo ar fáil sa rannán ceisteanna coitianta ar shuíomh idirlín an SNTC.

Sa dá chás, déantar sonraí na feithicle a thaifeadadh ar an gcóras ROS chun clárú amach anseo a cheadú.

Ríomh an CCF

Is í an tsuim CCF atá iníoctha ná an tsuim a ríomhtar ar an dáta clárúcháin.

Féadfaidh ardú teacht ar an bPraghas Díola ar an Margadh Oscailte (PDMO), idir am an réamhscrúdaithe agus dáta an chlárúcháin. Ciallóidh sé seo go mbeidh suim níos airde CCF dlite.

Cáin Bhreisluacha (CBL) iníoctha ar mhodh iompair nua agus beidh sé san áireamh sa tsuim atá dlite ag céim an réamhscrúdaithe. Tarlaíonn sé seo mar gheall nach gcuirtear an uimhir CBL isteach go dtí an pointe a chláraítear an fheithicil.

An fheithicil a dhíol

Nuair a bhíonn ceannaitheoir faighte agat don fheithicil, sínigh isteach ar an gcóras ROS agus críochnaigh an clárú.

Íoctar an CCF trí chliceáil ar an modh íoca (Iarchurtha nó FACT) a roghnaigh tú nuair atá iarratas ar cheadú íocaíochta á dhéanamh agat.

Ar aghaidh: Luacháil réamhchlárúcháin ar bhreiseáin