Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a ríomh

An cháin a ghearradh

An fheithicil a cheangal le catagóir Cánach Cláraithe Feithiclí

Ní mór an fheithicil a chur i gcatagóir CCF sula bhféadann na Coimisinéirí Ioncaim an tsuim iníoctha cánach a dheimhniú.

Tá cúig chatagóir CCF ann, is iad sin catagóirí A, B, C, D agus M.

Tá na catagóirí CCF seo ceangailte le catagóirí cineál-cheadaithe Eorpacha.

Catagóir CCF A

Is le haghaidh feithiclí do phaisinéirí, lena n-áirítear carranna agus mionbhusanna, í an Chatagóir CCF A. Ní fhéadann na mionbhusanna seo níos mó ná ochtar móide tiománaí a iompar. Go ginearálta, baineann na feithiclí seo leis an gcatagóir Eorpach M1. Áirítear sa chatagóir seo feithiclí áirithe de chuid chatagóir N1 a bhfuil ceithre shuíocháin nó níos mó iontu.

Ríomhtar an ráta CCF ar na hastaíochtaí Dé-Ocsaíde carbóin móide na hastaíochtaí Ocsaíde Nítrigine. Ríomhtar an chomhchuid CO2 tríd an ráta infheidhme a mhéadú faoin PDMO. Ríomhtar an tobhach Nox ar leithligh agus ansin cuirtear leis an luach CO2 é chun an CCF dlite a fháil.

Ríomhfar an ghné CO2 den cháin bunaithe ar shonraí WLTP CO2 le haghaidh:

  • Feithiclí nua Chatagóir A (Carranna paisinéirí agus carranna SUV)
    agus
  • Feithiclí a cláraíodh roimhe seo ag úsáid sonraí WLTP CO2.

Maidir le feithiclí athláimhe a úsáideann an figiúr NEDC chun clárú, úsáidfear na foirmlí seo a leanas chun figiúr CO2 a ríomh agus chun banda cánach CO2 a shannadh:

  • Maidir le feithiclí díosail = (figiúr CO2 NEDC x 1.1405) + 12.858.
  • Maidir le feithiclí seachas feithiclí díosail = (figiúr NEDC CO2 x 0.9227) + 34.554.

Taispeánann an Tábla thíos na rátaí CCF i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022 maidir le feithiclí atá bunaithe ar an WLTP CO2 nó an CO2 a ríomhtar.

Ríomh an mhuirir CO2
Astaíochtaí CO2 (CO2 g/km)Céatadán iníoctha de luach na feithicle
0g/km suas le 50g/km agus an méid sin san áireamh 7% nó €140, cibé acu is mó
Os cionn 50g/km agus suas le 80g/km agus an méid sin san áireamh 9% nó €180, cibé acu is mó
Os cionn 80g/km agus suas le 85g/km agus an méid sin san áireamh 9.75% nó €195, cibé acu is mó
Os cionn 85g/km agus suas le 90g/km agus an méid sin san áireamh 10.5% nó €210, cibé acu is mó
Os cionn 90g/km agus suas le 95g/km agus an méid sin san áireamh 11.25% nó €225, cibé acu is mó
Os cionn 95g/km agus suas le 100g/km agus an méid sin san áireamh 12% nó €240, cibé acu is mó
Os cionn 100g/km agus suas le 105g/km agus an méid sin san áireamh 12.75% nó €255, cibé acu is mó
Os cionn 105g/km agus suas le 110g/km agus an méid sin san áireamh 13.5% nó €270, cibé acu is mó
Os cionn 110g/km agus suas le 115g/km agus an méid sin san áireamh 15.25% nó €305, cibé acu is mó
Os cionn 115g/km agus suas le 120g/km agus an méid sin san áireamh 16% nó €320, cibé acu is mó
Os cionn 120g/km agus suas le 125g/km agus an méid sin san áireamh 16.75% nó €335, cibé acu is mó
Os cionn 125g/km agus suas le 130g/km agus an méid sin san áireamh 17.5% nó €350, cibé acu is mó
Os cionn 130g/km agus suas le 135g/km agus an méid sin san áireamh 19.25% nó €385, cibé acu is mó
Os cionn 135g/km agus suas le 140g/km agus an méid sin san áireamh 20% nó €400, cibé acu is mó
Os cionn 140g/km agus suas le 145g/km agus an méid sin san áireamh 21.5% nó €430, cibé acu is mó
Os cionn 145g/km agus suas le 150g/km agus an méid sin san áireamh 25% nó €500, cibé acu is mó
Os cionn 150g/km agus suas le 155g/km agus an méid sin san áireamh 27.5% nó €550, cibé acu is mó
Os cionn 155g/km agus suas le 170g/km agus an méid sin san áireamh 30% nó €600, cibé acu is mó
Os cionn 170g/km agus suas le 190g/km agus an méid sin san áireamh 35% nó €700, cibé acu is mó
Suas le 190g/km 41% nó €820, cibé acu is mó

Catagóir CCF B

Folaíonn Catagóir CCF B feithiclí tráchtála a dearadh agus a tógadh chun earraí a iompar agus nach bhfuil níos mó ná 3.5 tona. Baineann na feithiclí seo leis an gcatagóir Eorpach N1 agus go ginearálta bíonn trí shuíocháin nó níos lú iontu. Tá mótarcharbháin san áireamh i gCatagóir B den CCF chomh maith. Féadtar tuilleadh eolais ar fheithiclí incháilithe de chuid Chatagóir B a fháil in VRT Manual 1A.

Go ginearálta is ionann an CCF agus 13.3% den PDMO go ginearálta agus is é €125 an tsuim íosta atá dlite.

Gearrtar muirear €200 ar roinnt veaineanna N1 más rud é:

  • go raibh níos lú ná ceithre shuíochán iontu i gcónaí

agus

  • a mais luchtaithe níos mó ná 130% den mhais i seirbhís acu ag aon am.

Catagóir CCF C

Gearrtar muirear €200 ar fheithiclí Chatagóir C den CCF, agus is iad seo a leanas na feithiclí:

  • mórfheithiclí tráchtála (catagóir Eorpach N2 agus N3)
  • tarracóirí talmhaíochta
  • busanna (catagóir Eorpach M2 agus M3)

agus

  • feithiclí níos mó ná 30 bliain d’aois ag tráth an chlárúcháin

Catagóir CCF D

Níl ar fheithiclí Chatagóir CCF D aon CCF a íoc, agus folaíonn siad an méid seo:

  • otharchairr
  • cairteacha dramhaíle
  • innill scuabtha
  • innill dóiteáin
  • rollóirí bóthair

agus

  • feithiclí a úsáidtear go heisiach chun innealra tógála bóthair a iompar

Catagóir CCF M

Folaíonn Catagóir M den CCF gluaisrothair (catagóir Eorpach L1 go L7). Tá an muirear CCF bunaithe ar mhéid ciúbach (cc) an innill.

Is iad seo na rátaí:

  • €2 ar gach cc suas le 350

agus

  • €1 ar gach cc ina dhiaidh sin.

Féadtar an tsuim chánach a laghdú ansin le go gcuirfí san áireamh aois an ghluaisrothair mar seo a leanas:

Laghdú CCF ar ghluaisrothar chun aois a chur san áireamh
AoisLaghdú CCF
> 3 mhí agus < nó cothrom le 1 bhliain 10%
> 1 bhliain agus < nó cothrom le 2 bhliain 20%
> 2 bhliain agus < nó cothrom le 3 bliana 40%
> 3 bliana agus < nó cothrom le 4 bliana 50%
> 4 bliana agus < nó cothrom le 5 bliana 60%
> 5 bliana agus < nó cothrom le 7 mbliana 70%
> 7 mbliana agus < nó cothrom le 10 mbliana 80%
> 10 mbliana agus < nó cothrom le 30 bliain 90%
> 30 bliain 100%

Ar aghaidh: An luach a mheasúnú