Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a ríomh

An luach a mheasúnú

I gcás fheithiclí chatagóir A agus an chuid is mó d’fheithiclí chatagóir B, baintear úsáid as luach na feithicle nuair atá an CCF dlite á ríomh. Tugtar an Praghas Díola ar an Margadh Oscailte (PDMO) ar an luach seo. Tá sé seo beagán éagsúil ó luach sonraisc feithicle.

An t-áireamhán CCF

Féadtar PDMO na bhfeithiclí is coitianta agus meastachán ar an gcáin dlite a fháil ar an Áireamhán CCFCé go bhfuil breis agus 25,000 luacháil ar an áireamhán CCF, níl gach feithicil ann.

Is iondúil go dtabharfaidh an t-áireamhán CCF meastachán maith ar an CCF atá dlite má tá feithicil áirithe á clárú ar an lá céanna. Níl anseo ach meastachán, áfach. Ní ríomhann na Coimisinéirí Ioncaim an tsuim chruinn CCF dlite ach amháin nuair a thugtar feithicil i láthair lena clárú.

PDMO a dheimhniú

Mura bhfuil feithicil ar an áireamhán, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a PDMO a dheimhniú, ach ní dhéanfaidh muid é sin go dtí tar éis í a bheith tugtha i láthair lena clárú. Baineann na Coimisinéirí Ioncaim úsáid as táscairí margaidh amhail treoirleabhair trádála Éireannacha, fógraí, agus saineolaithe.

Ní thugann foireann na gCoimisinéirí Ioncaim meastacháin ar luach nó cáin dhlite i leith feithiclí nár tugadh i láthair lena gclárú.

Mura bhfuil feithicil ar an liosta, agus má theastaíonn meastachán PDMO roimh í a cheannach, ní mór duit ansin do chuid taighde féin a dhéanamh. Féadtar an Fhoirm meastacháin CCF a úsáid le haghaidh déanaimh nach ndáiltear go coitianta in Éirinn.

Fachtóirí eile a bhfuil tionchar acu ar an PDMO

Chun críocha CCF, féadtar feithiclí a rátáil mar ‘maith’, ‘measartha’ nó ‘go dona’. Go hiondúil, déantar an chuid is mó d’fheithiclí a rátáil mar ‘maith’. Má bhreithnítear feithicil le rátáil ‘measartha’ nó ‘go dona’, féadfaidh sé seo an CCF atá dlite a laghdú.

I gcás míleáiste atá i bhfad níos airde ná ‘gnáis’ a bhfuil glacadh leo, d’fhéadfadh sé seo an CCF atá dlite a laghdú. Is é 2,100km le haghaidh feithiclí díosail agus 1,500km le haghaidh gach feithicil eile an gnáth-mheánmhíleáiste míosúil a nglacann na Coimisinéirí Ioncaim leis.

Ar aghaidh: CCF breise