Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a ríomh

Muirear NOx

Bonn an mhuirir

Beidh astaíochtaí Ocsaíd Nítrigine (NOx) incháinithe ón 1 Eanáir 2020. Tá an muirear infheidhme ar gach feithicil i gCatagóir A seachas feithiclí leictreacha ach le feithiclí hibrideacha san áireamh.

Beidh an muirear NOx mar chuid den cháin cláraithe feithiclí de réir na hachoimre thíos:

Muirear Dé-ocsaíde Carbóin + Muirear NOx = Iomlán an CCF iníoctha

Gearrtar NOx ar bhonn an mhilleagraim sa chiliméadar, mar a thaifeadtar ar an Deimhniú Comhréireachta. I gcás feithiclí tromshaothair, milleagraim sa cileavatuair a bheidh ann.

Ag brath ar dhoiciméid amhail deimhnithe eachtracha cláraithe, féadfaidh sé go dtaispeántar an figiúr mar ghraim sa chiliméadar. Ní bheidh éifeacht aige seo ar an gcáin dhlite mar gheall go dtiontóidh na Coimisinéirí Ioncaim é seo go milleagraim nuair a dhéantar an ríomh ag tráth an chlárúcháin.

Suim dhlite

Ríomhfar an muirear NOx de réir an tábla seo a leanas:

Ríomh an mhuirir NOx
Astaíochtaí NOx (NOx mg/km nó mg/kWh)Suim iníoctha sa mg/km nó mg/kWh
An chéad 0-40 mg/km nó mg/kWh, de réir mar is cuí €5
An chéad 40 mg/km nó mg/kWh eile nó cuid de, de réir mar is cuí, suas le 80 mg/km nó mg/kWh, de réir mar is cuí €15
An fuílleach os cionn 80 mg/km nó mg/kWh, de réir mar is cuí €25

Mura bhféadtar fianaise shásúil ar astaíochtaí NOx a chur ar fáil, gearrfar na muirir uasta seo a leanas:

  • Feithiclí díosail:€4,850
  • Gach cineál eile: €600

Samplaí den ríomh CCF