Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a ríomh

CBL agus Dleacht Chustam

Cáin Bhreisluacha (CBL)

Féadfaidh sé chomh maith go bhfuil CBL dlite ar mhodh nua iompair a fháil ó Bhallstát eile. Mura bhfuil tú i dteideal asbhaint CBL, is gnách an CBL seo a bheith iníoctha leis an CCF.

Nuair a thugtar isteach sa Stát é, meastar an fheithicil a bheith ina mhodh nua iompair i gcomhair CBL más rud é go bhfuil feidhm ag ceachtar den mhéid seo thíos:

  • má tá sé níos lú ná sé mhí tar éis a chéad chlárúcháin
  • má thaisteal sé 6,000 ciliméadar nó níos lú

Mar shampla:

  • Tá an fheithicil cúig mhí d’aois le 8,000km – inghearrtha i leith CBL.
  • Tá an fheithicil seacht mí d’aois le 5,000km – inghearrtha i leith CBL.
  • Tá an fheithicil seacht mí d’aois le 8,000km – níl sí inghearrtha i leith CBL.

Dleacht Custam

I gcás feithiclí nua nó úsáidte iompórtáilte ó lasmuigh den AE, tá dleacht custam inghearrtha tráth na hiompórtála.

Nuair a chláraíonn tú d’fheithicil, beidh cruthúnas gur íocadh an dleacht chustam agus CBL ag teastáil ón tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna. De ghnáth, taispeánfar é seo tríd Dearbhú Custam.

Ón 1 Eanáir 2021, caitear le hiompórtáil feithicle ón mBreatain Mhór mar iompórtáil ó thír neamh-AE. Féadtar sonraí ar na riachtanais sonracha a ghabhann le carr a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann a fháil in Na himpleachtaí a bhaineann le feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann.

Ar aghaidh: Feithiclí leictreacha agus hibrideacha