Athchóirithe

Frásaí coitianta

Nuair a bhíonn feithicil á hathchóiriú agat, tiocfaidh tú ar roinnt frásaí a úsáidtear go rialta. 

Achoimre ar chatagóirí feithicle an Aontais Eorpach:

  • Catagóir M1: feithiclí paisinéirí nach bhfuil níos mó ná ocht suíochán iontu (i dteannta shuíochán an tiománaí).
  • Catagóir M2: busanna nach bhfuil níos mó ná ocht suíochán iontu (i dteannta shuíochán an tiománaí) agus a bhfuil meacháin níos éadroime ná 5 thonna acu.
  • Catagóir M3: busanna a bhfuil níos mó ná ocht suíochán iontu (i dteannta shuíochán an tiománaí) agus a bhfuil meacháin níos troime ná 5 thonna acu.
  • Catagóir N1: feithiclí beaga tráchtála deartha chun earraí a iompar agus nach bhfuil meacháin níos troime ná 3.5 tona acu.
  • Catagóir N2: feithiclí tráchtála a bhfuil meacháin níos troime ná 3.5 tona ach níos lú ná 12 thonna acu
  • Catagóir N3: feithiclí tráchtála a bhfuil meacháin níos troime ná 12 thonna acu.

Tá tuilleadh mioneolais ar fáil ar chreat-treoir an Aontais Eorpaigh.

Cóid Chabhalra an AE
CatagóirCód CabhalraCur síosCatagóirCód CabhalraCur síos
M1 AA Salún M2, M3 CA Aon Urlár
M1 AB Salún Cúlhaiste M2, M3 CB Dhá Urlár
M1 AC Vaigíní stáisiúin M2, M3 CC Feithicil altach aon urláir
M1 AD Coupé M2, M3 CD Feithicil altach dhá urlár
M1 AE Feithicil dín infhillte M2, M3 CE Feithicil aon urláir agus urlár íseal inti
M1 AF Feithicil ilchuspóireach M2, M3 CF Feithicil dhá urlár agus urlár íseal inti
M1 SA Mótarcharbháin M2, M3 CG Feithicil altach aon urláir agus urlár íseal inti
N BA Leoraí M2, M3 CH Feithicil altach dhá urlár agus urlár íseal inti
N BB Leoraí Veain      
N BE Trucailín      

An Cineálcheadú

Is é seo an nós imeachta i gcás ina ndeimhníonn údarás ábhartha go gcomhlíonann cineál feithicle na riachtanais theicniúla chuí uile.

Ní mór cineálcheadú a bheith ag gach feithicil.

Is é tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) an tÚdarás ar chineálcheadú in Éirinn.

Deimhniú Comhréireachta

Cruthaíonn déantóirí feithiclí tacar sonraí uathúil le haghaidh gach uile fheithicil aonair a dhéanann siad. Taispeánann an tacar sonraí seo na sonraí cineálcheadaithe, chomh maith le sonraí na feithicle aonair sin.

Ar aghaidh: Athchóiriú