Athchóirithe

Feithiclí ar leith

Mótarcharbháin

Is feithicil shainchuspóra chatagóir M an Aontais Eorpaigh (AE) é mótarcharbhán le Cód Cabhalra SA an AE. Chun tuilleadh eolais a fháil ar chur síos teicniúil ar chineálacha feithicle, féach treoir ábhartha an AE.

Ní mór dó a bheith tógtha le cóiríocht chónaithe ina bhfuil, ar a laghad, an trealamh seo a leanas inti:

  • suíocháin agus bord
  • cóiríocht chodlata (a d’fhéadfadh a bheith athchóirithe ó na suíocháin)
  • áiseanna cócaireachta
  • agus
  • áiseanna stórála.

Ní mór trealamh seo a bheith ceangailte go daingean leis an urrann chónaithe. Tá boird a d’fhéadfadh a bheith athlonnaithe go héasca inghlactha.

Ní mór, go príomha, cóiríocht chónaithe shoghluaiste a sholáthar ag mótarcharbháin inar féidir le duine (ar mheán airde) bogadh timpeall gan stró agus é nó í ina s(h)easamh.

Ba chóir don áit cóiríochta cónaithe timpeallacht chónaithe chompordach a chur ar fáil do dhuine, nó daoine, ar feadh tréimhse shínithe.

De ghnáth bheadh úsáid iomlán urrann chúil na feithicle taobh thiar de shuíomh an tiománaí ag teastáil chuige seo. Ní mór go soláthraíonn an áit chónaithe rochtain thapa go hinmheánach ar áiseanna cócaireacht, ithe, codladh agus mar sin.

Táthar ag súil leis go mbeadh taobhfhuinneoga sa spás cóiríochta cónaithe san urrann chúil. I gcás ina ndéantar cócaireacht ag úsáid gáis, ba chóir go mbeadh Deimhniú Suiteálaí Gáis ar fáil chomh maith.

Comhlíonann mótarcharbháin tógtha go sonrach mar mhótarcharbháin an riachtanas seo le haghaidh cóiríocht chónaithe shoghluaiste. Ní mór, agus feithicil a athchóiriú mar mhótarcharbháin, go gcinntíonn tú go bhfuil na hathchóirithe dóthanach chun na riachtanais seo a chomhlíonadh. 

Sa chás nach n-athraíonn na mionathruithe an taobh istigh den urrann chúil go leor tabharfar ‘veaineanna lae’ orthu agus ní cháileoidh siad mar mhótarcharbháin. 

Ar an dóigh chéanna, is ‘veaineanna lae’ iad feithiclí nach mionathraítear ach an réimse stórála sa bhúit chun rochtain sheachtrach a sholáthar ar áiseanna cócaireachta. Ní ghlacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le hiarratasóir nach bhfuil rochtain réasúnta ar áiseanna chónaithe ach ón taobh amuigh den fheithicil.

Otharcharranna

Is feithicil de chatagóir M an AE é otharcharr le Cód Cabhalra an AE SC. Go ginearálta:

  • úsáidtear otharcharr le daoine atá tinn nó gortaithe a iompar
  • feistítear otharcharr go speisialta chun na críche seo
  • agus
  • cloíonn otharcharr leis an European Standard CEN 1789:2007.

Is iad seo a leanas na buncheanglais chun aicmiú otharchairr a fháil:

  • Cód Cabhalra an AE de SC
  • agus
  • Deimhniúchán ATC go sásaíonn an fheithicil riachtanais CEN 1789:2007.

Ní mór na Coimisinéirí Ioncaim a bheith sásta go bhfuil na critéir leagtha amach i CEN 1789:2007 comhlíonta ag an custaiméir. Cuirtear é seo i bhfeidhm fiú amháin má cláraíodh an fheithicil roimhe seo mar otharcharr i Stát eile. Mar shampla, ní dócha go mbeidh an poitéinseal ag carr fada nó feithicil ilfheidhmeach cáiliú mar otharcharr).

Cuir aon fhiosrúcháin atá agat maidir le hobair athchóirithe agus caighdeáin chuig an NSAI.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar otharcharranna, déan tagairt don European Committee for Standardisation of Ambulances.