Scéim Aisíocaíochta Easpórtála

Feithicil á athiompórtáil

Áireofar mar fheithicil neamhchláraithe feithicil a fhaigheann aisíocaíocht faoin scéim aisíocaíochta easpórtála. Maidir le feithiclí den chineál sin a tugadh ar ais isteach sa Stát, ní mór iad a thabhairt i láthair lena gclárú taobh istigh de 30 lá.

Beidh Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) iníoctha ag tráth an chlárúcháin agus eiseofar cláruimhir Éireannach nua. Leis an uimhir clárúcháin nua seo, ceadófar mótarcháin a fháil ina leith ón Oifig Mótarchánach.

Is cion é an bhunuimhir a thaispeáint ar fheithicil dá leithéid.

An Roinn Iompair a chur ar an eolas

Agus an fheithicil a thógáil amach ón Stát go buan, ní mór don úinéir an Roinn Iompair a chur ar an eolas.