Scéim Aisíocaíochta Easpórtála

Céard é an Scéim Aisíocaíochta Easpórtála CCF?

Faoin scéim seo, ceadaítear d’úinéir feithicle aisíocaíocht den Cháin Clárúcháin Feithiclí (CCF) ‘iarmharach’ a éileamh nuair atá an fheithicil á heaspórtáil. Is é an t-úinéir an duine a bhfuil a n-ainm ar an gComhad Tiománaí Feithicle Náisiúnta (NVDF) ag an tráth a ndéantar scrúdú ar an bhfeithicil. Mura bhfuil tú cinnte gur tusa an t-úinéir cláraithe, déan teagmháil leis an Roinn Iompair.

Chun bheith incháilithe, ní mór don fheithicil an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • a bheith ina fheithicil paisinéirí, mar shampla, salún, carr cúlhaiste nó SUV
  • a bheith cláraithe sa Stát
  • teastas bailí Náisiúnta Tástála Carranna (NTC) nó Deimhniú Tástála Feithicle Tráchtála a bheith aige
  • agus
  • CCF a bheith íoctha ina leith.

Féadfaidh sé go bhfuil aisíocaíocht CCF faighte cheana féin ag roinnt feithiclí faoi scéim eile. Sa chás seo, féadfaidh sé nach bhfuil siad cáilitheach chun aisíocaíocht a fháil ós rud é nach bhfuil aon CCF ‘iarmharach’ fágtha i leith na feithicle.

Mar sin féin, sa chás go ndearnadh íocaíocht CCF i bpáirt cheana féin, féadfaidh sé go bhfuil CCF iarmharach fágtha i leith na feithicle.

Tugtar an Praghas Díola ar an Margadh Oscailte (PDMO) ar an luach a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim chun CCF a ríomh. Sa chás go bhfuil PDMO na feithicle níos lú ná €2,000, ní cháilíonn an fheithicil le haghaidh na scéime.

Ní mór d'fheithiclí scrúdú easpórtála a bheith déanta orthu ag ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC).

Ar aghaidh: An tsuim aisíocaíochta easpórtála CCF