Íocaíocht chomhréireach CCF ar fheithiclí léasaithe

Dearbhú agus clárú

Nuair atá an próiseas iarratais déanta, iarrfaidh an córas ort dearbhú a shíniú agus a thíolacadh. Má cheadaítear é, nascfar d’iarratas rathúil le hUimhir Aitheantas d’fheithicle. 

Tá an t-iarratas faoi réir táille riaracháin neamh-in-aisíoctha €100, iníoctha ag tráth an chlárúcháin. Tá feidhm leis seo is cuma má éiríonn le d’iarratas nó nach n-éiríonn.

Beidh na gnáthriachtanais le haghaidh feithicil a chlárú (na doiciméid a theastaíonn a thíolacadh) fós i bhfeidhm ag céim chlárú na feithicle.  

Tabhair do d’aire nach ndéantar an Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF) comhréireach a ríomh ach ag tráth an chlárúcháin amháin. Ní bheidh sé indéanta an dliteanas Cánach Cláraithe Feithiclí dlite a mheas roimh ré.

Léirítear sna samplaí seo a leanas an chaoi a n-oibríonn an ríomh seo.

Ar aghaidh: Síneadh a chur le léas