Íocaíocht chomhréireach CCF ar fheithiclí léasaithe

Cén chaoi a gcáilíonn feithicil

Chun cáiliú, ní mór don fheithicil a bheith i gCatagóir A de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, ar feithiclí paisinéirí nó feithiclí tráchtála éadroma iad. Ní fhéadann feithiclí a bhí cláraithe sa Stát tráth ar bith roimhe seo, leas a bhaint as an scéim.

Ní mór an fheithicil a chlárú in ainm duine aonair nó gnó atá cónaitheach sa Stát.

Ní mór go ndeimhneofaí an méid seo a leanas sna comhaontuithe léasa cáilitheacha:

  • go mbeidh an fheithicil sa Stát go sealadach
  • agus
  • go bhfuil an tréimhse léasa idir 1 agus 48 mí féilire.

Ní mór an léas a bheith idir duine aonair nó gnó cónaitheach sa Stát agus gnó bunaithe i mBallstát eile. Ní mór don ghnó seo a bheith cláraithe le haghaidh CBL sa Stát agus Deimhniú Imréitigh Cánach bailí a bheith aige.

Ar aghaidh: Iarratas comhlachta léasaithe