Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

Formáid plátaí clárúcháin

Ginearálta

Sonraítear in I.R. Uimhir 318 de 1992 (arna leasú) formáid, toisí agus na sonraíochtaí teicniúla atá le léiriú ar mhótarfheithiclí.

Go ginearálta, ní mór an pláta clárúcháin a bheith comhdhéanta den mhéid seo:

  • uimhreacha agus litreacha dubha ar chúlra bán frithchaiteach
  • ainm chontae an chlárúcháin i nGaeilge ag barr an phláta
  • bratach an Chomhphobail Eorpaigh. Ní mór gurb ionann é seo agus dhá réalta dhéag i gciorcal agus na litreacha IRL i mbán ar chúlra ghorm frithchaiteach. Ní mór go mbeidh an bratach le feiceáil ar thaobh na láimhe clé den phláta.

Níor chóir aon uimhreacha, litreacha ná marcanna eile a bheith le feiceáil ar an bpláta.

Feithiclí cláraithe roimh 31 Nollaig 2012

Beidh an fhormáid BB - Contae - uimhir sheicheamhach i bhfeidhm ar gach feithicil a cláraíodh roimh 31 Nollaig 2012. Baineann sé seo le feithiclí a cláraíodh in Éirinn nó i dtír eile.

Sampla: Maidir le carranna a iompórtáladh in 2017 agus a cláraíodh den chéad uair sa Ríocht Aontaithe in 2011, clárófar iad mar 11-xx-xxxx.

Image of acceptable pre 2013 number plate format

Image of acceptable pre 2013 number plate format

Feithiclí cláraithe ó 1 Eanáir 2013

Beidh an fhormáid BB[1 nó 2] - Contae - uimhir sheicheamhach i bhfeidhm ar gach feithicil a cláraíodh ó 31 Nollaig 2013. Baineann sé seo le feithiclí a cláraíodh in Éirinn nó i dtír eile. Tá an bhliain scartha ina dhá leath chun críocha clárúcháin. Baineann BB1 le feithiclí cláraithe idir 1 Eanáir agus 30 Meitheamh. Baineann BB2 le feithiclí cláraithe idir 1 Iúil agus 31 Nollaig.

Image of acceptable post 2012 number plate format

Image of acceptable post 2012 number plate format

Image of acceptable post 2012 number plate format

Image of acceptable post 2012 number plate format

Ar aghaidh: Innealra a chlárú