Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

Plátaí clárúcháin

Nuair a chláraítear feithicil ag ionad de chuid an SNTC tabharfar d’uimhir chláraithe duit. Beidh tú in ann d’uimhirphlátaí a fháil ansin. Ní mór iad seo a thaispeáint ar thosach agus ar chúl na feithicle agus a bheith infheicthe go soiléir i gcónaí. I gcás feithiclí nach bhfuil ach roth amháin chun tosaigh acu, amhail gluaisrothair, ní fhéadann siad pláta a thaispeáint ach amháin ar chúl na feithicle.

Ní sholáthraíonn na Coimisinéirí Ioncaim plátaí clárúcháin. Féadtar iad seo a fháil ó fhoinse ar bith fad is atá siad faoi réir na gcaighdeán riachtanach.

Tabhair do d’aire go bhfuil formáid agus méid an-sonrach i gceist leis na plátaí clárúcháin. Tá sé neamhdhleathach plátaí nach gcomhlíonann an dlí a thaispeáint ar fheithicil. D’fhéadfaí oiread agus €5,000 d’fhíneáil a ghearradh ort má thaispeánann tú plátaí nach gcomhlíonann na caighdeáin riachtanacha.

Cláruimhir a chur in áirithe

Ar €1,000, féadtar iarratas a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cláruimhir ar leith don bhliain reatha.

Chun uimhir a chur in áirithe, ní mór duit iarratas a chur isteach ag An tSeirbhís Náisiúnta CCF. Ní mór iarratas a dhéanamh ar an 1 Samhain nó roimhe sin sa bhliain roimh an mbliain a bhfuil sé ar intinn ag duine an fheithicil a chlárú don chéad uair.

Mura n-éiríonn le d’iarratas, aisíocfar d’íocaíocht €1,000 leat.

Maidir leis an uimhir agus an contae a roghnaítear:

  • ní mór dóibh a bheith sa ghnáthfhormáid chláruimhreach
  • ní mór go réiteodh siad leis an mbliain agus an leathbhliain inar cláraíodh an fheithicil den chéad uair.  Níor chóir iarratas a dhéanamh ar 181-D-2 a chur in áirithe:
    • ach amháin ar fheithicil atá le clárú den chéad uair in 2018
    • agus
    • ní mór go réiteodh siad leis an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an iarratasóir.

Ní mór gurb é an t-úinéir cláraithe an duine faoina gcuirtear an uimhir in áirithe. Ní uimhreacha inaistrithe iad uimhreacha in áirithe.

Tá gach cláruimhir ar fáil le cur in áirithe ach amháin an uimhir ‘1’ sna contaetha seo:

  • Corcaigh (161-C-1 agus 162-C-1)
  • Baile Átha Cliath (161-D-1 agus 162-D-1)
  • Luimneach (161-L-1 agus 162-L-1)
  • Port Láirge (161-W-1 agus 162-W-1).

Ní fhéadtar cláruimhir in áirithe a shannadh d’fheithicil go dtí go sroichtear í sa ghnáthsheicheamh. Ní cheadaítear í a thaispeáint ar fheithicil sula sannann na Coimisinéirí Ioncaim í go foirmiúil.

Ní shannfar cláruimhir in áirithe ach amháin sa bhliain lena mbaineann sí.

Ba chóir Iarratas chun uimhir clárúcháin feithicle a chur in airithe a sheoladh trí M’Fhiosraithe chuig An tSeirbhís Náisiúnta CCF.

Ar aghaidh: Clárúcháin ZZ, feithiclí seanré agus plátaí ZV