Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

Clárúcháin ZZ, feithiclí seanré agus plátaí ZV

Clárúcháin ZZ

Tá an córas clárúcháin shealadaigh ZZ á riar ag an Automobile Association of Ireland (AA) ar son na gCoimisinéirí Ioncaim.

Aon fheithicil nach bhfuil cláraithe go buan, féadtar clárúchán ZZ a úsáid uirthi suas le mí amháin sula n-easpórtáiltear í.

Is éard atá sa tsraith ZZ ná na litreacha ZZ leanta ag uimhir uathúil cúig dhigit.

Chun cáiliú le haghaidh clárúchán sealadach, ní mór, ar dtús, na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • ní mór don fheithicil a bheith in Éirinn go sealadach
  • ní mór don iarratasóir a bheith ina dhuine bunaithe taobh amuigh d’Éirinn
  • agus
  • ní mór gach cáin (Cáin Bhreisluacha (CBL) agus Dleacht Custam, mar shampla) a bheith íoctha.

Tá foirmeacha agus eolas eile faoin nós imeachta i dtaca le hiarratais ar fáil ó:

AA Rescue Operations Centre
Aonad D, Páirc Gnó Merrywell
Bóthar Bhaile an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 12
Éire

Le haghaidh fiosruithe a bhaineann le clárúcháin ZZ, seol ríomhphost chuig: companymembership@theaa.ie.

Feithiclí seanré agus plátaí ZV

Is feithicil seanré í feithicil atá cruthaithe a bheith níos mó ná 30 bliain d’aois. Ba chóir na doiciméid éigeantacha a sholáthar nuair atá feithiclí seanré á gclárú.

Uaireanta, áfach, ní bhíonn na doiciméid bhunaidh ar fad ar fáil. Sna cúinsí seo, féadfaidh sé gur leor dearbhú i leith sonraí na feithicle a fháil ó eagraíocht nó club díograiseoirí. Ní mór, áfach, na sonraí atá riachtanach le haghaidh cláraithe a bheith ina leithéid de dhearbhú. Féadfaidh sé go n-iarrfaí ort doiciméid bhreise a chur ar fáil, faoi dhiscréid na gCoimisinéirí Ioncaim, chun aitheantas agus aois na feithicle a fhíorú. 

Féadtar leas a bhaint as an tsraith speisialta cláruimhreacha ‘ZV’ atá ar fáil le haghaidh carranna ‘seanré’. Pláta clárúcháin tipiciúil sa tsraith seo a bheadh in ZV 4723. Níl aon chostas breise maidir leis an tsraith speisialta cláruimhreacha ‘ZV’ a fháil.

Ar aghaidh: Formáid plátaí clárúcháin