Scaireanna d'fhostaithe
Léargas ginearálta
Tabhair do d'aire:
Is é an 31 Márta 2023 an spriocdháta le haghaidh tuairiscithe scaireanna i ndáil le gníomhaíocht 2022. Léigh tuilleadh ar an leathanach seo.
Is bealach breise iad scaireanna chun luach saothair a thabhairt do d’fhostaithe, sa bhreis ar a bpá bunúsach. Is féidir na scaireanna a dhámhachtain trí scéim fhoirmiúil le sraith rialacha i scríbhinn nó ar bhonn neamhfhoirmiúil aonuaire.
Tá go leor scéimeanna scaireanna d’fhostaithe éagsúla ann. Is féidir iad a bheith ceadaithe nó neamhcheadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Scéimeanna neamhcheadaithe
Ní theastaíonn cead na gCoimisinéirí Ioncaim chun scéimeanna neamhcheadaithe a fheidhmiú. Samplaí de scéimeanna neamhcheadaithe lena n-áirítear an méid seo san áireamh:
Scéimeanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
Tá trí chineál scairscéimeanna d’fhostaithe ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim:
Teastaíonn cead ó na Coimisinéirí Ioncaim chun aon cheann de na scéimeanna seo a oibriú.
Cánachas
Tá Cáin Ioncaim inmhuirearaithe ar scaireanna nó ar scair-roghanna a fhaigheann fostaithe saor in aisce nó ar phraghas lascaine. Tá íocaíocht scairbhunaithe faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) fostaí freisin.
Féadfaidh fostaithe scaireanna nó scair-roghanna a fháil faoi aon cheann de na scair scéimeanna fostaithe cáinéifeachtiúl. Faoi réir coinníollacha áirithe a bheith comhlíonta, ní bheidh Cáin Ioncaim inmhuirir ar scair-roghanna ná ar scaireanna a gheobhaidh fostaithe faoi na scéimeanna seo.
Ní bhaineann ÁSPC Fostóra ar íocaíocht scairbhunaithe. Irish translation. Mar sin féin, níl feidhm ag an díolúine seo maidir le dámhachtainí airgeadsocraithe ná le haon íocaíocht airgid a leanann luach na scaireanna.
Riachtanais tíolactha
Tá roinnt oibleagáidí tuairiscithe deireadh bliana d’fhostóirí a oibríonn scarscéimeanna dá gcuid fostaithe. I ndálaí áirithe, tá dualgais tíolactha. ar iontaobhaithe.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Dualgais tuairiscithe scaireanna.
Ar aghaidh: Bronnadh scaireanna