Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú

Léargas ginearálta

Nuair atá maoin á díol, á ceannach nó á haistriú, tá dualgais áirithe ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir araon. Ní mór go bhfuil imréiteach Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ) i bhfeidhm roimh:

  • chríochnú an díola
  • aistriú na maoine.

Ní mór don díoltóir agus don cheannaitheoir a chinntiú go bhfuil na dualgais CMÁ uile comhlíonta sula gcríochnaítear an díolachán. Ciallaíonn sé seo gur gá do gach tuairsceán CMÁ a bheith tíolactha agus nach mór d'íocaíochtaí CMÁ a bheith cothrom le dáta. Is féidir leat do thaifead CMÁ a sheiceáil trí CMÁ ar líne.

Más tú an duine dliteanach i dtaca le maoin ar an dáta dlite (1 Samhain), tá tú faoi dhliteanas an CMÁ a íoc don bhliain ina dhiaidh.

Is muirear ar an maoin chónaithe é aon dliteanas CMÁ neamhíoctha. Is muirear ar an maoin freisin aon muirear úis CMÁ nó pionós a chuirtear i bhfeidhm. Fanann an muirear seo ar an maoin go dtí go n-íoctar é ina iomláine. Ní mór do dhíoltóirí agus do cheannaitheoirí araon na céimeanna atá molta san alt seo a leanúint. Déantar é seo chun a chinntiú go bhfuil an mhaoin comhlíontach le CMÁ agus nach bhfuil sí faoi réir muirir CMÁ neamhíoctha.

Ar aghaidh: Tá maoin á díol agat