Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2026

Léargas ginearálta

Is é an dáta dlite le haghaidh Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) gach bliain ná an 1 Samhain. Ciallaíonn sé seo go mbeidh do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ in 2026 más maoin chónaithe í ar an 1 Samhain 2025. Le seiceáil má tú agus do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ, féach Dliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

Tá do mhuirear CMÁ bunaithe ar do luacháil maoine amhail an 1 Samhain 2025. Déanann do luacháil ar do mhaoin ar an dáta seo do mhuirear CMÁ a chinneadh do gach bliain ó 2026 go 2030.

Má tá tú faoi dhliteanas CMÁ ar an 1 Samhain 2025, ní mór duit an trí chéim seo a thógáil le haghaidh do mhaoin, don bhliain 2026:

  1. Luach do mhaoine a chinneadh, amhail an dáta luachála 1 Samhain 2025.
  2. Tíolaic an luacháil seo chuig na Coimisinéirí Ioncaim i do Thuairisceán CMÁ, faoin 7 Samhain 2025.
  3. Deimhnigh do shocrú íocaíochta CMÁ don bhliain2026.

Ar aghaidh: Do mhaoin a luacháil