ros_rpf_logo
Cáin Ghnóthachan Caipitiúil - athrú ar an ráta caighdeánach

Tá an ráta caighdeánach Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC) laghdaithe ó 33% go 31% i gcás diúscairtí a rinneadh ar an 7 Deireadh Fómhair 2026 nó dá éis.


Leanfar de cháin a ghearradh ar ghnóthachain inmhuirir atá faoi réir an ráta chaighdeánaigh ag 33% sa chás go ndéantar an diúscairt suas go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2026 agus an dáta sin san áireamh. Tá feidhm ag an ráta laghdaithe 31% sa chás go ndéantar an diúscairt ar an 7 Deireadh Fómhair 2026 nó dá éis.


Leanann rátaí CGC seachas an ráta caighdeánach CGC de bheith i bhfeidhm ag a rátaí reatha – mar shampla, leanfaidh gnóthachain ar thalamh forbartha a dhiúscairt de bheith inmhuirir ag 33%. Níl aon athruithe ach an oiread ar na dátaí pá agus tíolactha le haghaidh CGC a eascraíonn as diúscairtí a rinneadh in 2026.


Ní mór tuairisceáin ar ghnóthachain inmhuirir a eascraíonn do dhaoine aonair sa bhliain chánach 2026 a dhéanamh ar an 31 Deireadh Fómhair 2027 nó roimhe sin. Beidh leaganacha 2026 de na tuairisceáin ábhartha a léireoidh an t-athrú ar an ráta CGC ar fáil go luath in 2027.


Tá an feidhmchlár CT1 2026 á nuashonrú ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi láthair chun an t-athrú ar an ráta CGC a léiriú. Beidh an áis tuairisceáin fós ar fáil, mar sin féadann cuideachtaí ar mian leo tíolacadh leanúint ar aghaidh ag déanamh amhlaidh. Má thíolacann tú le linn na tréimhse seo agus má chuimsíonn do thuairisceán diúscairtí lena mbaineann an ráta laghdaithe CGC, beidh ort do thuairisceán a leasú nuair a bheidh an nuashonrú críochnaithe.








Forms icon

Cuireadh an fhoirm Intrastat leis an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin (RPF). Níl tréimhse Intrastat 2026 ar fáil a thuilleadh in ROS As Líne.

Féach an rannán cabhrach VIES, Intrastat agus Cúnamh Frithpháirteach (VIMA) chun tuilleadh eolais a fháil.