Ríomhnascadh le gníomhaire agus comhairleoir

Sheol na Coimisinéirí Ioncaim feidhmchlár ríomhnasctha gníomhaire agus comhairleoir nua a chuaigh beo ag deireadh mhí an Mhárta 2025. Cuirfidh an feidhmchlár seo feabhas ar shlandáil dhigiteach trí chleachtóirí agus a gcliaint araon a chosaint ó bhradaíl aitheantais.

Bunóidh an feidhmchlár ríomhnasctha gníomhaire córas ceadaithe digiteach do chustaiméirí na gCoimisinéirí Ioncaim atá cláraithe le haghaidh, agus gníomhach ar, chórais ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.

Mar chustaiméir, anois gheobhaidh tú iarratas ar nasc gníomhaire atá le ceadú nó diúltú i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)moChúrsaí.

Nuair a thíolacann gníomhaire iarratas ar nasc gníomhaire, cuirfear in iúl duit trí ríomhphost go bhfuil comhfhreagras ó na Coimisinéirí Ioncaim faighte agat. Ní mór duit logáil isteach ar ROS nó moChúrsaí chun iarratas ar nasc gníomhaire a cheadú nó a dhiúltú.

Glacadh leis an iarratas trí moChúrsaí

Féadfaidh tú glacadh leis an iarratas a thíolaic gníomhaire trí moChúrsaí trí na céimeanna seo a leanas a chomhlánú:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar 'M'Fhiosruithe' atá sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin.
  3. In M'Fhiosruithe, roghnaigh an M'Fhiosrú a thionscain na Coimisinéirí Ioncaim dar teideal iarratas ar 'Nasc Gníomhaire-Cliant'.
  4. Treorófar tú chuig leathanach sonraí an iarratais ar nasc gníomhaire áit ar féidir leat athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis an naisc.
  5. Is féidir leat a roghnú ansin an t-iarratas ar nasc a cheadú nó a dhiúltú.

Tabhair do d'aire

Má tá tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí tríd an áis MyGovID, beidh ort logáil isteach i moChúrsaí ag baint úsáide as do fhaisnéis aitheantais MyGovID.

Glacadh le hiarratas ar nasc gníomhaire in moChúrsaí

Glacadh leis an iarratas trí ROS

Féadfaidh tú glacadh leis an iarratas chun nasc a dhéanamh le gníomhaire trí ROS a usáid trí na céimeanna seo a leanas a chomhlánú:

  1. Logáil isteach ar ROS.
  2. Roghnaigh an cluaisín 'Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim' ar bharr an scáileáin.
  3. I do bhosca isteach ROS, roghnaigh an doiciméad de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 'Faomhadh Nasc Gníomhaire'.
  4. Treorófar tú chuig leathanach sonraí an iarratais ar nasc gníomhaire áit ar féidir leat athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis an naisc.
  5. Is féidir leat a roghnú ansin an t-iarratas ar nasc a cheadú nó a dhiúltú.

Pasfhocail dearmadta

Má tá dearmad déanta agat ar do phasfhocal, féadtar ceann acu seo a leanas a roghnú:

  • An ndearna tú dearmad ar do phasfhocal do moChúrsaí? le haghaidh moChúrsaí
  • Athshocraigh an Logáil Isteach do Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) le haghaidh ROS.
  • má tá MyGovID á úsáid agat, roghnaigh Pasfhocal MyGovID dearmadta.