Músaem na gCoimisinéirí Ioncaim
Léargas ginearálta
Tá Músaem na gCoimisinéirí Ioncaim, atá suite in uaimh an tSéipéil Ríoga i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ar oscailt ó Luan go hAoine ó 10.00r.n. go 4.00i.n. Saorchead isteach.
Faigh léargas uathúil ar ghníomhaíochtaí iomadúla agus éagsúla na gCoimisinéirí Ioncaim, idir rialuithe custam agus cánacha a bhailiú, thar na céadta seo caite. Cuirfidh ár dtaispeántais dhathúla agus léirsteanacha iontas ort agus tabharfaidh siad an-eolas duit.
Chomh maith le taispeántais nua agus sean, tá taispeántais chlosamhairc ag an Músaem agus cluichí físe foghlama. Féach an féidir leat contrabhanna atá i bhfolach a aimsiú nó tomhais a dhéanamh ar na codanna tí a bhí faoi réir cánach sna seanlaethanta.
I measc an mhóráin taispeántas, tá:
- an chéad sraith de Thuairisceáin Státchiste le haghaidh Shaorstát Éireann
- stil phoitín
- gléas dleachta stampála
- samplaí d’earraí bréige agus speicis i mbaol a urghabhadh ag calafoirt agus ag aerfoirt
- raon leathan d’ionstraimí áille tomhais.
Tá siad seo go léir san uaigh atmaisféarach sa Séipéal Ríoga.
Agus tú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, féadfaidh tú turas a thabhairt ar Leabharlann Chester Beatty, na hÁrasáin Stáit agus an uaimh ársa.
Le haghaidh tuilleadh eolais nó chun turas a eagrú cuir glaoch ar: (01) 863 5601 nó cuir ríomhphost chuig: museum@revenue.ie.
Ar aghaidh: Taispeántais