Polasaí maidir le haiseolas
Is é misean na gCoimisinéirí Ioncaim ná chun freastal ar an bpobal trí chánacha agus trí dhleachtanna a bhailiú go cothrom agus go héifeachtach agus trí rialuithe Custam a chur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm againn é seo a bhaint amach trí sheirbhísí agus treoir a chur ar fáil ar ár suíomh idirlín chun cabhrú leat do chuid oibleagáidí a thuiscint agus a chomhlíonadh le hualach íosta.
Tá an-mheas againn ar d'aiseolas mar uirlis riachtanach chun do chuid riachtanas a thuiscint, aghaidh a tabhairt ar bhuarthaí agus caighdeán ár seirbhísí a fheabhsú. Leagtar amach sa pholasaí seo ár gcur chuige maidir le d'aiseolas a bhailiú agus gníomhú air.
Conas a bhailítear aiseolas
Chun d'aiseolas a bhailiú, cuireann muid naisc ar fáil chuig ár n-uirlis aiseolais atá ar fud ár suíomh idirlín ionas gur féidir leat an méid a leanas a roinnt:
- rátáil réalta ó a haon go dtí a cúig
- tuairimí maidir le feabhsúcháin.
Féadtar rochtain a fháil ar uirlis aiseolais an tsuímh idirlín trí chliceáil ar an nasc 'Rátáil cé chomh húsáideach is a bhí an leathanach seo duitse' ag bun gach leathanach den tsuíomh idirlín. Ansin iarrfar ort toiliú maidir le húsáid fianán chun an fhoirm suirbhé a fheiceáil.
Teastaíonn fianáin ónar n-uirlis aiseolais ar an suíomh idirlín chun feidhmiú agus féadtar tuilleadh eolais faoi seo a fháil inár Ráiteas príobháideachais.
Conas a ngníomhaítear ar aiseolas
Déantar athbhreithniú ar an aiseolas a fhaigheann muid chun do chuid riachtanas a thuiscint agus chun tuairimí inghníomhaithe a aithint lenár suíomh idirlín a fheabhsú. Déantar an t-aiseolas uilig a chatagóiriú bunaithe ar cibé acu an rud éigin inghníomhaithe nó neamhghíomhaithe atá ann.
Aiseolas inghníomhaithe
Áirítear le haiseolas inghníomhaithe aiseolas:
- a iarrann tuilleadh samplaí
- a aibhsíonn botúin chló nó litrithe
- a lorgaíonn tuilleadh sonraí nó soiléirithe ar ábhar ar leith
- a bhfuil tuairimí dearfacha ann faoin leathanach gréasáin ar féidir linn a chur i bhfeidhm ar fud ár suíomh idirlín.
Aiseolas neamhghníomhaithe
Áirítear le haiseolas neamhghníomhaithe aiseolas:
- atá doiléir nó nach bhfuil soléir
- ina bhfuil teanga gharbh nó maslach úsáide ann
- a bhaineann le ceist shonrach custaiméara a éilíonn freagra.
Tabhair do d'aire
Níl ár n-uirlis aiseolais ón suíomh idirlín le húsáid le haghaidh fiosruithe custaiméara aonair agus measfar aon fhiosrúcháin den sórt sin a bheith neamhghníomhaithe.
Má tá fiosrú agat ar mhaith leat a phlé, déan teagmháil linn nó cuir fiosrú isteach.
Ní dhéantar aiseolas ina bhfuil faisnéis shonrach do chustaiméirí a mheas, amhail:
Modhanna chun faisnéis rúnda a chur isteach
Tuairisciú ar imghabháil cánach
Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas imghabháil cánach amhrasta a thuairisciú, féach ar Imghabháil cánach a thuairisciú (gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar).
Nochtadh cosanta
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi mhí-iompar a thuairisciú, féach ar Nochtadh cosanta.